Jump to content

Mícheál de Mórdha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMícheál de Mórdha
Beathaisnéis
BreithDún Chaoin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcraoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge


X: MMORDHA Cuir in eagar ar Wikidata

Údar, staraí, iriseoir agus treoraí turais ó Dhún Chaoin, Corca Dhuibhne agus cainteoir dúchais Gaelainne is ea Mícheál de Mórdha. Thug sé tréimhsí ag obair leis an nuachtán Inniu, le Raidió na Gaeltachta agus le hOifig na nOibreacha Poiblí agus bhí sé ina Bhainisteoir ar Ionad an Bhlascaoid Mhóir ó 1993 go 2015.

Is ball é Mícheál den Fhóram Forbartha Teanga de chuid Fhoras na Gaeilge agus de Chomharchumann Dhún Chaoin. Is iar-bhall é de Chomhairle Raidió na Gaeltachta, de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus de Choiste Náisiúnta Oireachtas na Gaeilge. Bhí sé ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 2010. Scríobhann sé ailt rialta do Tuairisc.ie ar ábhair a bhaineann le Corca Dhuibhne. Bhí sé ina aoi sa deichiú sraith de Comhrá (clár teilifíse) ar TG4.

Foilsíodh a leabhar Scéal agus Dán Oileáin (Coiscéim, BÁC) sa bhliain 2012 agus foilsíodh An Rialtas Ab Fhearr (Coiscéim, BÁC) sa bhliain 1993. Léargas logánta atá sa leabhar ar an dtionchar dearfach, i mórán slite, a bhí ag déanamh an scannáin Ryan’s Daughter ar phobal Chorca Dhuibhne nuair a bheartaigh David Lean a scannán iomráiteach a léiriú go príomha i gceantar beag Gaeltachta .i. Dún Chaoin i 1968-1969.

Do chruthaigh déanamh an scannáin sin mórán fostaíochta sa cheantar, chuir sé airgead i bpócaí na ndaoine agus chuir sé feabhas mór ar chaighdeán maireachtála na cosmhuintire. Thug Ryan’s Daughter misneach, dóchas agus neamhspleáchas áirithe don phobal. Ní haon ionadh, mar sin, go ndúirt an seanchaí, Cáit ‘Bab’ Feiritéar, gurb é an rialtas ab fhearr a bhí riamh againn é.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]