Jump to content

Mí na Marbh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtMí na Marbh
Cineálannual religious event (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Mí na blianaAn tSamhain Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Seantraidisiún de chuid mhí na Samhna in Éirinn is ea Mí na Marbh. Mar chomhartha ómóis do na mairbh déanann daoine troscadh nó staonann siad ón ól. Bhí uair ann go mba nós a bhain le creideamh a bhí ann, ach tá an oiread céanna bainte aige anois le féinsmacht agus coigilt airgid don Nollaig.[1]

Déantar tagairt don nós in úrscéal Alex Hijmans Aiséirí atá lonnaithe i nGaillimh.[2] Bhí go leor daoine ag staonadh ón ól do Mhí na Marbh agus ní raibh áit ar bith le dul acu san oíche ach Aiséirí.

Mí na Samhna, dán ó Ghaeloideachas Teo.

 Mí na Samhna
 mí na marbh
 tús an Gheimhridh
 aimsir gharbh
 fuacht is báisteach
 nimh is sioc
 bráillíní sneachta
 ar bheanna cnoc[3]