Méadhbh Nic Conaill (bean Mhic Gearailt) (Mabel McConnell FitzGerald)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Méadhbh Nic Conaill (bean Mhic Gearailt) (Mabel McConnell FitzGerald)
Dáta breithe 4 Iúil 1884
  Béal Feirste, Éire
Dáta báis 24 April 1958(1958-04-24) (aged 73)
  An Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath, Éire
Náisiúntacht Éireannach
Céile Deasún Mac Gearailt (Desmond FitzGerald)

Poblachtánach Éireannach, sufraigéid agus sóisialach ab ea Maedhbh Nic Conaill (bean Mhic Gearailt) (4 Iúil 1884 – 24 Aibreán 1958). Ghlac sí páirt in Éirí Amach na Cásca in 1916 agus i gCogadh na Saoirse (in Éirinn). Ba mháthair Ghearóid Mhic Gearailt, an Taoiseach, í agus bhí sí pósta le Deasún Mac Gearailt.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Méadhbh Nic Connaill ar an 4 Iúil 1884 agus tugadh Mabel Washington McConnell uirthi mar ainm baiste. B'iníon í de shliocht John McConnell, díoltóir fuisce i mBéal Feirste, agus dá bhean céile, Margaret Neill. Ba ghariníon í d’fheirmeoir Preispitéireach ó cheantar gar den chathair. Fuair sí a cuid oideachais bunúsaigh in Victoria College i mBéal Feirste, agus lean sí ar aghaidh chun Baitsiléir Ealaíon a bhaint amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste in 1906. D’fhorbair sí a dearcadh ar cheisteanna poblachtánaigh, ar chearta na mban agus ar an bpolaitíocht shóisialaigh i dteannta a deirféar Eilis san am a chaith sí i gColáiste na Baníona. Bhí dúil láidir aici sa Ghaeilge. Bhí sí ina bhall den Women's Social and Political Union, de Shinn Féin agus de Chonradh na Gaeilge.[1].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nascanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athbhaisnéis Mhéadhbh Nic Conaill ar Ainm.ie: http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=637