Méadú an Aontais Eorpaigh



Is éard is méadú - nó leathnú - ann tíortha nua ag teacht isteach san Aontas Eorpach. Tharla sé sin roinnt uaireanta i stair an Aontais, agus gach uair rinneadh athrú ó bhonn ar an Aontas agus ar na tíortha a tháinig isteach ann.[1] Chuir méadú an Aontais Eorpaigh go mór le scaipeadh na cobhsaíochta, na síochána agus an rathúnais ar fud na mór-roinne, i dTuaisceart Éireann mar shampla; sheas an tAontas Eorpach i gcónaí le Comhaontú Aoine an Chéasta.
Buntáistí do thíortha a thagann isteach san Aontas Eorpach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá go leor buntáistí ag baint leis an méadú do Bhallstáit nua, na cinn seo a leanas san áireamh:[2]
- cobhsaíocht pholaitiúil
- saoirse do shaoránaigh maireachtáil, staidéar nó obair a dhéanamh in áit ar bith san Aontas
- trádáil mhéadaithe trí rochtain ar an margadh aonair
- maoiniú agus infheistíocht mhéadaithe
- caighdeáin shóisialta, chomhshaoil agus tomhaltais níos airdeTéann an méadú chun tairbhe don Aontas Eorpach freisin, ar na bealaí seo a leanas:
- rathúnas agus deiseanna méadaithe do shaoránaigh Eorpacha agus do ghnólachtaí Eorpacha
- guth níos láidre ar an ardán domhanda
- tuilleadh éagsúlachta cultúrtha
- an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a chur chun cinn
- infheistíocht sa tsíocháin agus sa tslándáil san Eoraip
Ballraíocht agus coinníollacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chun éirí ina ball den AE, caithfear tír is iarrthóir na coinníollacha a glacadh atá leagtha amach i gcritéir Chóbanhávan (ainmnithe as an gcruinniú mullaigh i gCóbanhávan i mí Meitheamh 1993). Éilíonn na critéir seo:
- rialtas seasmhach daonlathach
- meas ar forlámhas an dlí
- na saoirsí agus forais a bhaineann leo siúd.
Dar le Conradh Maastricht, caithfidh gach ballstát agus Parlaimint na hEorpa bheith ar aon tuairim chun méadú éigin a ghlacadh.
Luaitear scaití an próiseas méadaithe mar lánpháirtiú na hEorpa. Úsáidtear an téarma seo chun comhchuibhiú diaidh ar ndiaidh na ndlíthe náisiúnta a léiriú.
I dtosach báire, bunaíodh réamhtheachtaí an AE, Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, ag na Sé Laistigh sa bhliain 1958, le teacht i bhfeidhm Chonradh na Róimhe. Ó shin i leith, tá ballraíocht an AE méadaithe go seacht is fiche, agus an ball is déanaí ná an Chróit, a tháinig isteach i mí Iúil 2013. Tharla an méadú críche is déanaí nuair a tógadh Mayotte isteach san AE sa bhliain 2014. D'éirigh Campione d'Italia ina bhall d'aontas custam an AE sa bhliain 2020. Is iad a leanas na críocha a tharraing siar as an AE: an Ailgéir i ndiaidh neamhspleáchais sa bhliain 1962; an Ghraonlainn sa bhliain 1985; agus an Ríocht Aontaithe sa bhliain 2020.
Idirbheartaíocht aontachais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá idirbheartaíocht aontachais ar siúl i láthair na huaire; tá an leathnú ag díriú go príomha ar Na Balcáin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ european-union.europa.eu. "Méadú an Aontais Eorpaigh - Aontais Eorpaigh" (ga-IE). european-union.europa.eu. Dáta rochtana: 2026-06-05.
- ↑ "Éachtaí agus tairbhí | an tAontas Eorpach" (ga). european-union.europa.eu. Dáta rochtana: 2026-06-06.