Jump to content

Máire Próinséas Ní Chatháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáire Próinséas Ní Chatháin
Beathaisnéis
Breith6 Samhain 1936
Bás24 Samhain 2018
82 bliana d'aois
Chair of Old and Middle Irish at University College Dublin (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmacadóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Duine de mhórscoláirí réimse an Léinn Cheiltigh in Éirinn agus thar lear ba ea Máire Próinséas Ní Chatháin (6 Samhain 1936 – 24 Samhain 2018).[1] Bhí post aici mar Ollamh le Gaeilge Luath agus Gaeilge na Meánaoise sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. [2]

I Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman a tógadh Próinséas. Ba í an Ghaeilge príomhtheanga an teaghlaigh. Bean tí ba ea a máthair, Gobnait Ní Chonaill, a rugadh i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí (1905–1983).

Ón mbliain 1962 ar aghaidh – seachas tréimhsí éagsúla thar lear – is i mBaile Átha Cliath a chuir Próinséas fúithi. Ina ainneoin sin, chothaigh sí an nasc pearsanta a bhí aici riamh le Ros Mhic Thriúin.[1]

Rinne Ní Chatháin a cuid staidéir i gColáiste na hOllscoile Gaillimh (Ollscoil na hÉireann Gaillimh anois) faoi stiúir Kathleen Mulchrone, áit ar bronnadh BA uirthi (1956). Fuair sí Scoláireacht Taistil ó Ollscoil na hÉireann chun staidéar a dhéanamh i mBonn na Gearmáine, agus ansin d'fhreastail sí ar Ollscoil Dhún Éideann áit ar bhain sí PhD amach sa bhliain 1966.[3] Bhí sí ina Scoláire i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath idir 1962 agus 1965, agus cúig bliana is fiche ina dhiaidh sin, shuigh sí ar bhord rialaithe na Scoile sin (1987–88).[4]

Thosaigh sí ar a gairm múinteoireachta mar léachtóir cuartaíochta in Ollscoil Pennsylvania, agus ina dhiaidh sin, sa bhliain 1967, ghlac sí le post i Roinn na Sean-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar fuair sí ardú céime ó léachtóir cúnta go hollamh le linn na fiche bliain ina dhiaidh sin. Bhunaigh sí M.Phil. idirdhisciplíneach i gcomhar leis an staraí an tOllamh Francis John Byrne, agus níos déanaí bhí baint aici le bunú cúrsa fochéime ar Shibhialtacht na gCeilteach.[5]

Chaith sí roinnt blianta (ó 1967 go 1974) ag obair mar thaighdeoir foclóireachta ar Contributions to a dictionary of the Irish language in Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhí sí ar mheitheal scoláirí a d’oibrigh ar an ‘Litir C’ den fhoclóir sin

Chuir Próinséas an-suim go deo i réimsí eile den Léann Ceilteach, chomh maith – an t-ogham, an luatheaglais, an naomhsheanchas, luathshochaí na hÉireann, agus an tseandálaíocht.[1] Bhí sí ina hUachtarán ar Chumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann ó 1997 go 2000.[6] Bhí suim aici ón tús i ngnéithe de liotúirge agus de luathchreideamh na hÉireann.[7]

In 2002 foilsíodh festschrift ina honóir dar teideal Ogma: essays in Celtic Studies in honour of Próinséas Ní Chatháin, arna chur in eagar ag iar-chomhghleacaithe dá cuid, Michael Richter agus Jean-Michel Picard.[8]

Níor phós Próinséas riamh ach ba dhuine í a chothaigh líonra leathan gaolta agus cairde i rith a saoil – daoine ó chian agus ó chóngar ba ea iad. Duine measartha príobháideach ach an-chineálta a bhí inti agus is beag duine arb eol dóibh gur minic a chuidíodh sí le mic léinn a raibh deacrachtaí airgeadais acu as a hacmhainní pearsanta féin le go bhféadfaidís a gclár staidéir a chríochnú.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 "NÍ CHATHÁIN, Máire Próinséas (1936–2018)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2025-10-15.
  2. Murray (2019). "In memoriam Máire Próinséas Ní Chatháin (1936–2018)". Éigse: A Journal of Irish Studies 40: 414–17. National University of Ireland. 
  3. Doherty (2018). "Lives Remembered". Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 148: 148–150. 
  4. "Council and Governing Boards as at 31/12/1987". Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
  5. Doherty (2018). "Lives Remembered". Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 148: 148–150. 
  6. "Past Presidents of the RSAI". Royal Society of Antiquaries of Ireland.
  7. Foilsíodh ceann de na haistí ba thábhachtaí a scríobh sí faoin ábhar sin ar iris an Chumainn: ‘The liturgical background of the Derrynavlan altar service’ (Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 110, 1980).
  8. "Ogma: essays in Celtic studies in honour of Próinséas Ní Chatháin" (2002). Baile Átha Cliath: Four Courts.