Jump to content

Máirín Uí Chonchubhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáirín Uí Chonchubhair
Beathaisnéis
BreithDún Chaoin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Is oide eolaíochta í Máirín Uí Chonchubhair (Ní Dhálaigh roimh phósadh di), as Dún Chaoin ó dhúchas. Tá sí ina húdar ar dhá leabhar iomráiteach luibheolais.[1][2]

Ba i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne a rugadh agus a tógadh an Chonchubharach.[1] Bhí cóngas ag a máthair le muintir An tSeabhaic, as Baile an Ghóilín.[3] Deir sí go raibh "suim agam sa dúlra agus sa nádúr ó bhí mé an-óg."[1]

Bhain sí céim eolaíochta amach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh sna 1960idí.[3] Chaith sí a saol oibre ag múineadh eolaíochta i gColáiste na gCnoc Glas i mBaile Bhailcín, Baile Átha Cliath.[3][1]

Scríobh sí an leabhar "iomráiteach" Flóra Chorca Dhuibhne,[3] "ina bhfuil cuntas cuimsitheach ar phlandaí na dúichí ina dtimpeallacht nádúrtha, agus cur síos ar nósanna traidisiúnta agus ar an mbéaloideas a bhaineann leo." D'fhoilsigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne é sa bhliain 1995.[1]

Ach an leabhar sin a bheith curtha i gcrích aici rith sé le hUí Chonchubhair go mba dheas an rud é leabhar a scríobh faoi chrainn na hÉireann, ainneoin nach bhfuil flúirseach ina ceantar dúchais, agus b'in mar a chuir sí tús leis an leabhair Crainn & Toir.[1] "Saothar saoil" a thabharfaí ar an dtoradh sin.[4]

Rinne sí cur síos sa leabhar toirtiúil céanna ar 400 crann agus tor atá ag fás in Éirinn: "a dtábhacht miotaseolaíochta agus topagrafaíochta, litríochta, míochaine agus béaloidis, a dtábhacht mar shiombailí an dúchais agus a ról i bhforbairt na mainistreacha agus na n-eastát tar éis theacht na Normannach i leith."[1]

I bhfocail léirmheastóra amháin, "Ní fheictear dom go bhfuil dochtúireacht ag Uí Chonchubhair, ach mura bhfuil tá céim oinigh sa luibheolaíocht tuillte di as an éacht atá déanta aici chun sonraí faoi chrainn agus toir an oileáin seo (mar a chonaic sise iad le linn a shaoil) a tharraingt le chéile."[5]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]