Lámfhind

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLámfhind
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid demiotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata

I miotaseolaíocht na nGael, sinsear Chlainne Mhíle ab ea Lámhfhionn (Sean-Ghaeilge Lámfhind) mac Agnoman (ach ní ionann é agus Agnoman athair Neimhidh). Deirtear gur tháinig a mhuintir go hÉirinn ón Ibéir. Is tríd an muintir úd a rianadh an ginealach den chuid is mó d'Ard-Ríthe traidisiúnta na hÉireann.

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann,[1] d'aistrigh muintir Goídil Ghlais, sinsear eapainmneach ancestor na nGael ón Éigipt i dtrátha an Eacsadas, agus lonnaigh siad i Scitia. Roinnt glúnta ina dhiaidh sin, áfach, ruaigeadh as an Scitia iad tar éis d'Agnoman Refloir, rí na Scitia, a mharú. Chuaigh siad ar deoraíocht ar muir ar feadh seacht mbliana, i trí long ceangailte le chéile. Fuair Agnoman bás ar an Muir Chaisp, agus tháinig Lámhfhionn i gceannas ar na deoraithe, i dteannta lena dheartháir Allot agus a gcol ceathrar Caicher, draoi. chosain Caicher a mhuintir ó amhrán na Síréanaí, ag leá céarach isteach ina gcluasa, maraon le hOdaiséas. Thug sé tuar go lonnódh a sliochtaigh in Éirinn i gceann 300 bliain. Idir an dá linn, lonnaigh siad Lámhfhionn ar bhruach an Mhuir Mheoid (Gothia, de réir Seathrúin Chéitinne),[2] agus rugadh mac dó, Éibhear Glúinfhionn. Ocht nglúin ina dhiaidh sin agus a sliochtach Braath mar cheannaire, tagadh a muintir ón áit sin go dtí an Ibéir, áit a gheobhadh Breogán mac Braath spléachadh ar Éirinn ó bharr túir.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]