Lusitania (long)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
RMS Lusitania

Bhí an RMS Lusitania ina long phaisinéirí de chuid na Ríochta Aontaithe. Ba cheann de loinge an Líne Cunard í. Seoladh í i mí Mheán Fómhair 1907 agus d'fhreastail sí ar an mbealach idir Learpholl agus Nua-Eabhrac. Bhí sí ar cheann de na loinge ba mhó agus ba ghasta ar domhan í ag an am sin, agus níor thóg sé ach ceithre lá go leith air an turas a chur di.

Ar 7 Bealtaine 1915 buaileadh ag toirpéad í a scaoileadh leis as U-bhád Gearmánach den mhianach U-20 agus chuaigh sí go tóin poill, gar don Seancheann, Contae Chorcaí agus aon mhíle déag amach ó Chionn tSáile[1]. Bádh an 1198 daoine a bhí ar bord.

B'shin an líon ba mhó a cailleadh in aon eachtra mara amháin sa Chéad Chogadh domhanda. I measc na marbh, bhí 128 saoránaigh de chuid Stát Aontaithe Mheiriceá. Bhí arm lón á iompar ar an long agus sin an fáth a d'ionsaigh na Gearmánaigh é. Shéan rialtas Sasana go raibh arm lón air.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Eleathanach, 11 Bealtaine 2015