Lus glinne
Appearance
Mercurialis perennis | |
---|---|
Planda | |
Cineál an toraidh | aicéin |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Malpighiales |
Fine | Euphorbiaceae |
Géineas | Mercurialis |
Speiceas | Mercurialis perennis L., 1753 |
Planda ilbhliantúil atá dúchasach don Eoraip is an Áise is ea an lus glinne.[1] 15-40 cm ar airde, le riosóim dreaptha. Na duilleoga urchomhaireach éilipseach fiaclach. Na bláthanna bídeach, scothghlas, le 3 sheipeal, na fireannaigh i spící fada cromtha, na baineannaigh i gcrobhaingí. Luibh a bhláthaíonn go han-luath, ceannasach ar urlár coillearnaí go minic.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Mercurialis perennis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Lus glinne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 424.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |