Luis Alberto Suárez
Luis Suárez | ||
---|---|---|
Eolas pearsanta | ||
Dáta breithe | 24 Eanáir 1987 | |
Áit breithe | Salto, Uragua | |
Club reatha | ||
Club | Liverpool AFC | |
Suíomh | 7 | |
Foirne mar imreoir | ||
2005-2006 2006-2007 2007-2011 2011-2014 2014- |
Nacional FC Groningen AFC Ajax Liverpool AFC F.C. Barcelona | |
Is imreoir sacair é Luis Alberto Suárez. Imríonn sé le F.C. Barcelona faoi láthair agus le foireann idirnáisiúnta Uragua freisin.
Saolaíodh Suárez ar an 24 Eanáir 1987 i Salto. Tosaí atá ann. Ar dtús d'imir sé mar thosaí tacadaíochta: ba é Klaas-Jan Huntelaar an príomhthosaí. Tháinig Marko Pantelić i gcomharbas ar Huntelaar tar éis dó an club a fhágáil. Nuair a fuair Martin Jol post an bhainisteora, roghnaigh sé Suárez mar chaptaen na foirne. Tháinig sé i gcombharbas ar Thomas Vermaelen, a bhí imithe go hArsenal.
Le teacht mhí Eanáir, d'aistrigh Suárez go Liverpool ar €26.5 milliún (£22.8 milliún). Bhuaigh Suárez a chéad chorn le Liverpool mí Feabhra 2012 nuair a bhuadar an Football League Cup. Scoráil sé a chúigiú hat trick dá chlub sa Premier League ar an 4 Nollaig 2013; leis seo, rinneadh scórálaí an 'hat trick' is minice de ó bunaíodh an Premier League agus ceann aimsithe aige gach 17.4 cluiche.

Agus má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir Gaeilge a chur air.