Ludwig Mühlhausen
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1888 Kassel, An Ghearmáin |
Bás | 1956 67/68 bliana d'aois Ulm, An Ghearmáin |
Ollúnacht na Ceiltise i mBeirlín | |
1937 – | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Leipzig |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Teangeolaíocht, institiúid ardoideachais agus Na Ceiltigh |
Gairm | teangeolaí, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Ollscoil Humboldt Bheirlín Ollscoil Hamburg |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí na Naitsithe Páirtí Náisiúnta an Phobail Ghearmánaigh |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Scoláire Gearmánach sa léann Ceilteach a bhí i Ludwig Mühlhausen (a rugadh ar an 10 Nollaig 1888 in Kassel na Gearmáine agus a d'éag in 1956 in Ulm). Bhí dochtúireacht aige ó Ollscoil Leipzig agus bhunaigh sé Roinn an Léinn Cheiltigh i 1928 in Ollscoil Hamburg.[1] Bhí Mühlhausen báúil le gluaiseachtaí na heite deise sa Ghearmáin tar éis an Chéad Chogadh Domhanda.[2]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhronn Ollscoil Leipzig Ph.D magna cum laude ar Mühlhausen in 1914.
Rinne Mühlhausen roinnt spíodóireachta i ndeisceart na Beilge i rith Chogadh Domhanda 1914-18. Phós sé Elsa Abigt in 1918 (agus bhí beirt iníonacha acu níos déanaí). Bhí sé féin agus a bhean Else bainteach le dreamanna aintoisctheacha den eite dheis le fada sular cheangail sé leis an bpáirtí Naitsíoch i 1932.[1]
D'oibrigh sí mar leabharlannaí idir 1919-1922. D'éirigh sé ina léachtóir in Ollscoil Hamburg in 1922 agus ba é a bhunaigh roinn an Léinn Cheiltigh in ann sa bhliain 1928. Mhúin beirt de scoláirí óga Choláiste Ollscoile Chorcaí, Joe Healy agus Séamus Caomhánach (as Baile na Rátha)[3], Gaeilge dó sa Ghearmáin féin. Tuin Chiarraí a bhí ar a chuid Gaolainne siocair go raibh an tOllamh Séamus Caomhánach as Baile an Rátha mar léachtóir aige tráth.[4]
Thug sé sraith léachtaí i gCorcaigh i samhradh 1929. Bhí tamaill caite aige sa Ghaeltacht (an Blascaod, Cor na Móna, Teileann) i rith 1929-38 agus staidéar déanta aige ar an teanga labhartha agus ar an mbéaloideas. Is cinnte freisin go raibh obair spiadóireachta ar bun aige, mar a bhí sa mBeilg roimhe.
D'éirigh sé ina bhall den pháirtí Naitsíoch sa bhliain 1932, ina bhall den SA (Sturmabteilung nó mílíste polaitiúil an pháirtí) in 1933 agus ina bhall den SS (Schutz-Staffel nó póilíní speisialta) in 1943. Chuidigh an páirtí sin leis dul chun cinn sa saol acadúil. Mar shampla i 1935 briseadh Julius Pokorny as cathaoir na Ceiltise in Ollscoil Bheirlín (Humboldt) toisc fuil Ghiúdach a bheith ann; fuair Mülhausen an post dhá bhliain níos déanaí in 1937.[5]
Ag tús an chogaidh chuaigh sé i mbun craolacháin as Gaeilge le bolscaireacht ar son na Naitsithe le cainteanna gach seachtain ar an gclár raidió Irland-Redaktion. Craoladh a chéad chaint ar 10 Nollaig 1939 agus lean an clár ag an am céanna gach seachtain. Cé gur measadh nach raibh ar siúl aige ach bolscaireacht thur ar son Hitler, cuireadh lena lucht éisteachta in Éirinn toisc gur i ndiaidh Lord Haw-Haw a chraoladh sé. Deir David O’Donoghue[2] gur chuir an Dr Hempel, ceann leagáideacht na Gearmáine in Éirinn, in iúl dá uachtaráin go raibh riméad ar rialtas na hÉireann i dtaobh an aitheantais idirnáisiúnta seo a bhí tugtha don Ghaeilge.
Níos déanaí le linn an chogaidh chaith sé seal mar oifigeach in arm na Gearmáine sa Bhriotáin.
Ghabh an t-arm Meiriceánach é ag deireadh an chogaidh san Ostair i 1945 agus chaith sé trí bliana i gcampaí géibhinn, áit a theip ar a shláinte. Scríobh sé litir chuig De Valera ag iarraidh cabhrach ach ní bhfuair sé freagra. Bhuail taom croí é agus fuair sé bás ar 15 Aibreán 1956, é seachanta ag lucht an léinn Cheiltigh leis na blianta.[4]
Faisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh clár faisnéise faoi, Nazi sa Ghaeltacht, do TG4/BBC Gaeilge sa bhliain 2020. Bhí sé léirithe ag Macha Media agus curtha i láthair ag an iriseoir iniúchta Kevin Magee.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Clár TG4: Nazi sa Ghaeltacht[6]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MÜHLHAUSEN, Ludwig (1888–1956) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ 2.0 2.1 Ph.D David A . O 'Donoghue / DCU (1995). "HITLER'S IRISH VOICES The Story of German Radio's Irish Propaganda Service, 1939-1945". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Baile na Rátha Thuaidh/Ballynaraha North" (en). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-08-29.
- ↑ 4.0 4.1 Mártan Ó Ciardha (Lúnasa 25 2024). "An Naitsí a labhair Gaolainn bhlasta agus dúil Adolf Hitler sa phíb uilleann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-29.
- ↑ "Ludwig Mühlhausen" (as de) (2023-08-04). Wikipedia.
- ↑ archive.org. "Nazi.sa. Ghaeltacht".