Luca Ghini

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLuca Ghini

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1490 (Féilire Ghréagóra)
Casalfiumanese Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Bealtaine 1556 (Féilire Ghréagóra)
65/66 bliana d'aois
Bologna (an Iodáil)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bhologna Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLuibheolaíocht
Gairmluibheolaí, múinteoir ollscoile, dochtúir leighis Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Bhologna
Ollscoil Pisa Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinnThomas Erastus, Ulisse Aldrovandi, Andrea Cesalpino (en) Aistrigh, Pietro Andrea Mattioli (en) Aistrigh, Bartolomeo Maranta (en) Aistrigh, William Turner agus Gherardo Cibo (en) Aistrigh
TeangachaAn Iodáilis
Saothar
Giorrúchán luibheolaíochtaGhini

Lia agus luibheolaí Iodálach ab ea Luca Ghini (Casalfiumanese, 1490 - Bologna, 4 Bealtaine 1556), suntasach mar chruthaitheoir an chéad luslann is luaithe ar taifead, chomh maith leis an gcéad ghairdín lusanna san Eoraip.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ghini i gCaisalphimanese, mac le nótaire, agus rinne sé staidéar ar an leigheas in Ollscoil Bologna. Faoi 1527 bhí sé ag léachtóireacht ann ar phlandaí míochaine, agus sa deireadh rinneadh ollamh de.

Bhog sé go Pisa sa bhliain 1544, ag coinneáil a theach i mBlogna. Chruthaigh sé an chéad luslann (hortus siccus) an bhliain sin, ag triomú plandaí agus ag brú iad a idir píosaí páipéir, agus ansin iad a ghlúnú le cairtchlár. Ní mhaireann aon cheann dá bhailiúchán phlandaí cé go maireann an ceann a rinne a mhac léinn Gherardo Cibo timpeall na bliana 1532. Sa bhliain 1544 bunaíodh gairdín do phlandaí beo freisin, ar a dtugtar Orto Botanico di Pisa.

Níor fhoilsigh Ghini aon saothar luibheolaíoch suntasach dá chuid féin, ach tugadh suntas dó mar mhúinteoir a ndeachaigh go leor dá scoláirí ar aghaidh chuig gairmeacha suntasacha, lena n-áirítear Andrea Cesalpino (a chomharba mar stiúrthóir ar ghairdín na luibheolaíochta) agus Pietro Andrea Mattioli, ar chabhraigh Ghini leis, trí thaisteal timpeall na Meánmhara agus an an Neasoirthir sa tóir ar phlandaí a bhí ag dul le cur síos mistéireach Pedanius Dioscorides. I ndiaidh a bháis foilsíodh Placiti inar nochtaíodh modhanna Ghini.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]