Luamh daonchabhrach an Madleen
| ||||
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) 2025 Gaza Freedom Flotilla ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cineál | conbhua humanitarian aid to Gaza (en) ![]() bolscaireacht ![]() | |||
Tréimhse | 1 Meitheamh 2025 - | |||
Suíomh | an Mheánmhuir ![]() | |||
Eagraí | Freedom Flotilla Coalition ![]() | |||
Líon na rannpháirtithe | 12 ![]() | |||
Rannpháirtí | ||||
Árthach | Madleen | |||
Pointe imeachta | Catania, An Iodáil | |||
Críochphointe | Stráice Gaza | |||
IMO ship number (en) ![]() | luach ar iarraidh ![]() | |||
Croineolaíocht | ||||
Ionsaithe Iosrael ar Gaza, Márta 2025 ![]() | ||||
Ar an 9 Meitheamh 2025. ghabh fórsaí míleata Iosrael seilbh ar an ‘Madleen’, luamh de chuid Gaza Freedom Flotilla nó "Comhghuaillíocht na Saoirse", amach ó chósta Gaza. Bhí ghníomhaithe ar son na Palaistíne ar bord, ag iarraidh soláthairtí bia agus leighis a thabhairt go dtí an Stráice agus aird an domhain a tharraingt ar an ngorta a bhí ar siúl ansin. Bhí an gníomhaí aeráide Greta Thunberg ar an mbád, mar aon leis an bhFeisire de Pharlaimint na hEorpa, Rima Hassan. Ghabh na fórsaí míleata seilbh ar an long in uiscí idirnáisiúnta, rud a cháin Amnesty International go géar agus iad ag rá gur scrios fórsaí Iosrael an dlí idirnáisiúnta.[1]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2010, rinne Iosrael ionsaí ar longa de chuid an Gaza Freedom Flotilla. Maraíodh deichniúr.[2]
Ó 2ú Márta 2025 - tráth a chlis ar an sos cogaidh - bhí cosc curtha ag Iosrael ar sheachadadh fóirithinte go Gaza. Ach ar an 27 Aibreán 2025, thug an Clár Domhanda Bia, atá á reáchtáil ag na Náisiúin Aontaithe, le fios go raibh na soláthairtí bia ídithe go mór. Bhí 2.4m duine in Gaza in 2025 agus dúirt Cumann na Croise Deirge go raibh cliste go hiomlán, nach mór, ar iarrachtaí cúnamh daonnúil a chur ar fáil don phobal ansin, i ndiaidh cúig mhí dhéag den chogaíocht. Bhí fainic curtha ag na Náisiúin Aontaithe ar Iosrael go bhfuil muintir Gaza i mbaol gorta.[3]
Ar an 2 Bealtaine 2025, ionsaíodh long de chuid Gaza Freedom Flotilla nach raibh armtha, in uiscí 17 muirmhíle amach ó chósta Mhálta in uiscí idirnáisiúnta. Tháinig longa eile i dtarrtháil ar an long fóirithinte, a bhí trí thine. [4] Chuaigh fórsaí armtha Mhálta i gcabhair orthu freisin, agus gach duine a bhí ar bord slán sábháilte.[3]
Féach ar: Gaza Freedom Flotilla, Meitheamh 2025


Eachtra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 1 Meitheamh 2025, d'fhág an 'Madleen' an tSicil amach ó chósta theas na hIodáile, ag triall ar Chríocha na Palaistíne. agus ar Ghaza chun fóirithint a sheachadadh.[6] Bhí sé mar aidhm ag na gníomhaithe mar a deir siad 'síor-chogaíocht Iosrael i nGaza' a stopadh. Bhí soláthairtí siombalacha daonna ar bord, leithéidí rís agus púdar bainne do naíonáin.[7] Bhí 12 gníomhaí ar bord na loinge - an feachtasóir aeráide ón tSualainn Greta Thunberg ina measc - agus mar aidhm acu dúshlán a thabhairt don "ghabháil mhídhleathach" a bhí déanta ag Iosrael ar Gaza.[8][9][3]
Bhí ordú tugtha ó Aire Cosanta Iosrael d'arm na tíre gan ligean don 'Madleen' Stráice Gaza a bhaint amach.[7] Ar an 8 Meitheamh 2025, bhí seilbh gafa ag fórsaí míleata Iosrael ar an luamh carthanachta amach ó chósta Gaza. Bhí lastas beag soláthairtí daonchabhrach ar an mbád – rís agus púdar bainne den chuid is mó – siombail, a deir na gníomhaithe, ar an gcuidiú atá de dhíth go géar ar mhuintir Gaza.
Dúirt na hIosraelaigh nach raibh ar bun ag na feachtasóirí ach gníomh bolscaireachta ar son Hamas. Aird a tharraingt ar an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza ab ea príomhaidhm na bhfeachtasóirí agus fios maith acu nach ligfeadh na hIosraelaigh dóibh ceann scríbe a bhaint amach. Thug na hIosraelaigh an luamh á tabhairt go calafort Ashdod in Iosrael agus dúradh go seolfaí ar ais chun a dtíortha féin na daoine a bhí ar bord.
Mar leis na soláthairtí daonchabhrach, dúirt na hIosraelaigh go ndáilfí iad ar dhaoine in Gaza in am trátha. Ní raibh Ciste Leanaí na Náisiún Aontaithe dóchasach, áfach, go dtiocfaí i gcabhair ar mhuintir Gaza sula mbeidh sé ina ghorta críochnaithe ann.
Díbríodh Thunberg agus trí ghníomhaí eile thar n-ais chuig a dtíortha dúchais ar an 10 Meitheamh; bhí na gníomhaithe eile ag cur in aghaidh na n-orduithe díbeartha.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (14 Meitheamh 2025). "Nuacht Mhall (An Clár)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-06-14.
- ↑ "Gaza flotilla raid" (as en) (2025-04-12). Wikipedia.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2025-05-02). ""Ionsaí Dróin déanta ar long shibhialtach in uiscí idirnáisiúnta"" (as ga-IE).
- ↑ "Flotilla Coalition Ship To Gaza Attacked In International Waters| Countercurrents" (en-US) (2025-05-03). Dáta rochtana: 2025-05-03.
- ↑ https://x.com/LatuffCartoons/status/1931788969055850981
- ↑ Marium Ali. "Freedom Flotillas: A history of attempts to break Israel’s siege of Gaza" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2025-06-09.
- ↑ 7.0 7.1 Nuacht RTÉ (2025-06-08). "Ordú tugtha ag Iosrael an 'Madleen' a chosc isteach go Gaza" (as ga-IE).
- ↑ Jason Burke (2025-05-02). "Gaza humanitarian aid ship ‘bombed by drones’ in waters off Malta" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-05-03.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-06-09). "Gaza: seilbh gafa ag fórsaí Iosrael ar luamh daonchabhrach" (as ga-IE).