Louisa Harland

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLouisa Harland

(2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Eanáir 1993
31 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síMountview Academy of Theatre Arts Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
4 Eanáir 2018Derry Girls Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm5308665 Instagram: louisadodgeharland Cuir in eagar ar Wikidata

Is aisteoir Éireannach í Louisa Harland. Is fearr aithne uirthi as páirt a ghlacadh mar Orla McCool sa tsraith theilifíse Derry Girls.

Go luath ina saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i mBaile Átha Cliath í.[1] Is as Tuaisceart na hÉireann do a hathair.[2] Tá beirt deirfiúracha aici, Katie agus Ellie, agus is í Louisa an duine is óige. Fuair sí oiliúint in Mountview Academy of Theatre Arts i Londain.[3]

Gairm bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sraitheanna teilifíse agus scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh an chéim a bhaint amach aici, thuill sí ról leanúnach mar Kayley sa tsraith theilifíse Love/Hate de chuid RTÉ a hAon.[4] Ghlac sí páirt sna scannáin Standby (2014) le Rob Burke agus Lost in London (2017) le Woody Harrelson.[5]

Sa bhliain 2017, fógraíodh go raibh ról tuillte aici mar Orla McCool, col ceathar Erin McQuinn (Saoirse-Monica Jackson) sa tsraith theilifíse Derry Girls de chuid Channel 4. Craoladh an chéad sraith i mí Eanáir, 2018, a bhfuair moladh mór ó na léirmheastóirí agus ón bpobal.[6]

Ar an 26 Meitheamh 2020, rinne Harland agus a comhréaltaí Derry Girls sceitse le Saoirse Ronan le haghaidh RTÉ Does Comic Relief. Bronnadh an t-airgead a tuilleadh ón sceitse ar na daoine a ndeachaigh Paindéim COVID-19 chun dochair dóibh.[7]

An Raidió[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí an Mhárta 2021, ghlac Harland páirt i ndrámaíocht raidió darb ainm Endless Second, le Theo Toksvig-Stewart, ar BBC Radio 4. I mí na Bealtaine sa bhliain céanna, bhí sí ar BBC Radio 4 arís ag glacadh páirte i gcóiriú úrscéil, Snowflake, le Louise Nealon.

Scannánliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scannán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Teideal Ról Nótaí
2014 Standby Julie
2017 Lost in London Stella
2018 Sunday Tide Violet gearrscannán
2020 Boys from County Hell Claire McCann

Teilifís[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Teideal Ról Nótaí
2011 Love/Hate Kayleigh 4 eipeasóidí
2016 Doctors Caz Ellison Eipeasóid: "Peanut"
Harley and the Davidsons Secretary Mionsraith
2016–2017 Eden Narrator Teilifís réaltachta
2018 Finding Joy Tara Eipeasóid: "Letting Go"
2018–2022 Derry Girls Orla McCool Príomhról
2019 Handy Finnoula Eipeasóid: "Pilot"
2020 The Deceived Cloda O'Donnell 4 eipeasóidí

Dráma[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Teideal Ról Nótaí
2018 Cotton Fingers Aoife Aberaeron Memorial Hall, Aberaeron
2019 Glass. Kill. Bluebeard. Imp. Niamh Royal Court Theatre, Londain

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Derry Girls cast in real life: See Saoirse-Monica Jackson, Nicola Coughlan & Jamie-Lee O’Donnell out of character" (en). HELLO! (2020-06-19). Dáta rochtana: 2022-11-07.
  2. "Derry Girls cast in real life: See Saoirse-Monica Jackson, Nicola Coughlan & Jamie-Lee O’Donnell out of character | HELLO!". web.archive.org (2020-06-30). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-30. Dáta rochtana: 2022-11-07.
  3. "Louisa Harland" (en-GB). Mountview Academy of Theatre Arts. Dáta rochtana: 2022-11-07.
  4. Thomas Telford (2022-04-12). "Louisa Harland's career from embarrassing pub incident to Derry Girls fame" (en). DublinLive. Dáta rochtana: 2022-11-07.
  5. Shane Hannon. "'My agent said it would be a 20-minute improv with Woody Harrelson' | Louisa Harland" (en). OTB Sports. Dáta rochtana: 2022-11-07.
  6. "Tá i bhfad níos mó ná maoithneachas ag baint le ‘Derry Girls’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-07.
  7. "Derry Girls cast fangirl over Ronan in hilarious sketch" (as en) (2020-06-26).