Louis Blanc
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (fr) Louis Jean Joseph Charles Blanc 29 Deireadh Fómhair 1811 Maidrid, An Spáinn |
| Bás | 6 Nollaig 1882 71 bliana d'aois Cannes, An Fhrainc |
| Áit adhlactha | Reilig Père-Lachaise, 67 Grave of Blanc (en) |
| 13 Feabhra 1871 – 6 Nollaig 1882 | |
| Teanga dhúchais | an Fhraincis |
| Gníomhaíocht | |
| Suíomh oibre | Páras |
| Gairm | príomheagarthóir (1839–1848), scríbhneoir, staraí, polaiteoir, iriseoir |
| Ball de | |
| Teangacha | An Fhraincis agus an Spáinnis |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Suíomh a chartlainne | |
| Teaghlach | |
| Siblín | Charles Blanc |
Leasaitheoir útóipeach agus guth na n-oibrithe sa Fhrainc na 19ú haoise ba ea Louis Jean Joseph Charles Blanc (29 Deireadh Fómhair 1811 - 6 Nollaig 1882).[1]



Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Blanc i Maidrid na Spáinne ar an 29 Deireadh Fómhair sa bhliain 1811. Ba as an Fhrainc dá tuismitheoirí. Ba ardchigire airgeadais faoi Joseph Bonaparte, dearthár Napoleón, é a athair. I ndiaidh titim Bonaparte, bhog muintir Blanc ar ais chun na Fraince.
Bhí tionchar ag an gcíor thuathail pholaitiúil agus an deoraíocht ar smaointeoireacht Blanc. Sna 1830idí rinne Blanc staidéir ar an dlí i bPáras, ach mar gheall ar an mbochtaineacht agus cur faoi chois polaitiúil, spreagadh é i dtreo na hiriseoireachta agus na critice sóisialta.[1]
Bhí Blanc i measc na sóisialaithe luatha “Útóipeacha” sa Fhrainc. Ina saothar ón mbliain 1839-40, L’Organisation du travail, d’áitigh sé go raibh an iomaíocht a bhí lárnach sa tsochaí chaipitlíoch ag cothú na hainnise forleithne. Bhí iad siúd a bhí lag á gcur faoi chois fad is a bhí lucht an rachmais ag déanamh go maith. Chun seo a chur ina cheart, mhol Blanc go gcabhródh an stát le bunú fiontar comharchumannach, nó “ceardlanna sóisialta faoi stiúir oibrithe, áit a mbeadh oibrithe a mbeadh an cumas acu i mbun saothair, agus daoine nach raibh sé ar a gcumas acu obair a thuilleadh i dteideal cúnaimh nó íocaíochtaí.
Is é ceann de na friotail is cáiliúla uaidh ná, “ó gach duine de réir a chumais, do gach duine de réir a riachtanas.” Níorbh aon idéalachas fileata é seo do Blanc, ach múnla coincréiteach; dhéanfadh comharchumainn le tacaíocht ón stát an fhostaíocht, dínit na n-oibrithe , agus dáileadh acmhainní níos cothromaí a chinntiú.[1]
1848
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a bhain Réabhlóid Fheabhra 1848 bua amach i gcoinne Mhonarcacht mhí Iúil na Fraince, bhí an chumhacht pholaitiúil ag Blanc. Rinneadh ball den Rialtas Sealadach é agus bhí sé i gceannas ar Choimisiún na hOibre. D’éirigh le ceann dá chéad rún nuair a d’aontaigh an rialtas “go gcinnteofaí slí bheatha na n-oibrithe tríd an obair”.
Faoi thionchar Blanc bunaíodh na Ceardlanna Náisiúnta. Rinne na ceardlanna obair a thairiscint ar dhaoine dífhostaithe, go háirithe ar thionscadal móra poiblí, agus cuireadh smaointe comharchumannacha Blanc i bhfeidhm. Ach bhí ró-éileamh ar na hoibrithe agus níor cuireadh a dhóthain maoinithe ar fáil dóibh. Le linn éirí amach “Laethanta mhí an Mheithimh” rinne an rialtas cos ar bolg ar na hoibreacha. Cuireadh an milleán ar Blanc agus b’éigean dó teitheadh go Sasana.
Ar deoraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhan Blanc i Sasana go dtí titim an Dara Impireacht in 1870. Nuair a d’fhill sé ar an bhFrainc toghadh é chuig an gComhdháil Náisiúnta. Lean sé leis ag labhairt ar son na gceart oibrithe, leasuithe sóisialta, cearta vótála do chách, agus an prionsabal go raibh freagracht ar an stát fostaíocht a chothú.
Bás agus oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhásaigh sé i Nollaig na bliana 1882 i gCannes. Cé nár éirigh lena thionscadail ar fad, bhí lorg ollmhór ag a fhís; an stát leasa sóisialaí, coincheap “an ceart chun oibre”, ról na gcomharchumann agus ceardlanna sóisialta, agus an tuairim go mbaineann an tsaoirse pholaitiúil leis an gceart sóisialta agus eacnamaíoch chomh maith.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Kerron Ó Luain (2025-09-26). "Louis Blanc, leasaitheoir Útóipeach agus guth na n-oibrithe" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-10-08.