Lotika Sarkar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLotika Sarkar
Beathaisnéis
Breith4 Eanáir 1923
Beangál Thiar, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Feabhra 2013
90 bliana d'aois
Deilí, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Newnham, Cambridge
Scoil Dlí Harvard Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Deilí Cuir in eagar ar Wikidata

Dlíodóir agus scoláire feimineach ceannródaíoch de chuid na hIndia ab ea Lotika Sarkar (4 Eanáir 192323 Feabhra 2013).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó thaobh Ollscoil Cambridge de, ba í an chéad bhean de bhunadh na hIndia a fuair céim uaithi agus an chéad bhean d'aon náisiúntacht ar ar bronnadh dochtúireacht sa dlí.[1]

Ba í an chéad bhean a ceapadh ina léachtóir le dlí in Ollscoil Delhi, áit a raibh sí ar an bhfoireann teagaisc ó 1953 go 1983, tréimhse mar Dhéan san áireamh. Ina dhiaidh sin, lean sí ar aghaidh ag múineadh an dlí choiriúil in Institiúid Dlí na hIndia ar feadh blianta fada eile.

Ollscoil Delhi

Feimineachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ball den Choimisiún um Stádas na mBan san India go luath sna 1970idí agus comhbhunaitheoir den Lárionad um Léann Forbartha Ban (sa bhliain 1980) agus den Chomhlachas Indiach um Léann na mBan (sa bhliain 1982), bhí tionchar mór aici ar dhíospóireachtaí san India maidir le cearta na mban, go mór mór maidir leis an dóigh a gcaitheann an córas dlí choiriúil leis an bhforéigean gnéasach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dli, COBÁC (2018). "Lotika Sarkar". Dáta rochtana: 2021.