Lorna Siggins
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Albain ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath - ealaín ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, scríbhneoir, comhfhreagraí, pearsa raidió ![]() |
Fostóir | The Irish Times (1998–2010í) ![]() |
Teangacha | Béarla |
![]() ![]() |
Is iriseoir as Albain í Lorna Siggins. Bhí sí ina Comhfhreagraí ag an Irish Times ar chúrsaí mara agus an Iarthair ó 1998 go dtí na 2010idí. Scríobhann sí ó shin don iris Afloat agus an Irish Independent.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Siggins san Albain ach b’as Sligeach a muintir. Fuair sí a cuid oideachais i nGlaschú, i gCill Dara agus i mBaile Átha Cliath áit a ndearna sí staidéar ar na Dána i gColáiste na Tríonóide. Chaith Siggins bliain ag múineadh sa Mheánoirthear sular thug sí aghaidh ar shaol na hiriseoireachta.
Thosaigh sí amach mar shaoririseoir agus ansin i 1988 thosaigh sí ag obair leis an Irish Times, áit ar chaith sí deich mbliana sa seomra nuachta i mBaile Átha Cliath. I 1993, chaith sí seacht seachtaine le Dawson Stelfox, an chéad Éireannach a bhain barr Sliabh Everest amach, agus a fhoireann sna Himiléithe. Tá saothar foilsithe aici ar Everest, na seirbhísí deonacha tarrthála farraige, iar-Uachtarán Máire Mhic Róibín agus conspóid Ghás na Coiribe i Maigh Eo.
Bhronn Ollscoil na Gaillimhe Céim Mháistreachta Oinigh sna Dána honoris causa ar Siggins in 2013.[1]
Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Everest Callling (1994) - ISBN 1848891636
- The Woman Who Took Power in the Park: Mary Robinson (1997) - ISBN 1851588051
- Mayday! Mayday! (2004) - ISBN 0590321153
- Once Upon a Time in the West: the Corrib gas controversy (2010) - ISBN 1848270941
- Search and Rescue: True stories of Irish Air-Sea Rescues and the Loss of R116 (2022) - ISBN 1785373579
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "October 2013 - University of Galway". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2025-02-14.
![]() ![]() | Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |