Loingeán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtLoingeán
Sonraí
Laidinpars cartilaginea
Cuid deset of cartilages (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD002356
TAA02.0.00.005
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/cartilage
Téarmaíocht anatamaíoch


Fíochán a chuireann breis leis an gcnámh sa chreatlach is féidir a bheith neamhbhuan (mar a bhíonn i gcnámhú ionchoindriach) nó buan (mar atá sa tsrón, na cluasa is an laraing). Cuimsíonn sé cealla beo agus ábhar idircheallach mórthimpeall orthu ina bhfuil snáithíní collaigine is/nó laistine. Níl sé crua ná láidir, agus is éasca é a ghearradh nó a ghortú le brú ard. Réasúnta neamhshoithíoch, agus cothaítear é le sreabháin na bhfíochán, ag dromchlaí na n-alt go háirithe. 3 phríomhshaghas atá ann. Cumann loingeán gloineata samhail neamhbhuan na cnáimhe, na plátaí eipifíseacha fáis, na loingeáin easnacha ag cinn na n-easnacha, an laraing, an traicé, agus na broncais sa chóras riospráide is fochra na sróine. Cuimsíonn snáthloingeán bán burlaí fíocháin bháin shnáithínigh, a thugann neart mór inteannta dó, agus atá i láthair sna dioscaí idirveirteabracha, sa pheilbheas, ar dhromchlaí na n-alt sa dealrachán, sa ghiall íochtarach, is sa ghlúin. Cuimsíonn snáthloingeán buí burlaí snáithíní gan ach rian d'fhíochán bán snáithíneach, agus tá i láthair sa chluas sheachtrach, an feadán éisteachta, is an t-eipeaglotas.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Loingeán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 416.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]