Lochanna Chill Airne
| Cineál | Grúpa lochanna | |||
|---|---|---|---|---|
| Lonnaithe i limistéar cosanta | Páirc Náisiúnta Chill Airne | |||
| Suíomh | ||||
| Tír abhantraí | Éire | |||
| Limistéar riaracháin | Contae Chiarraí, Éire | |||
| ||||
| Codanna | ||||
Tá Lochanna Chill Airne suite i bPáirc Náisiúnta Chill Airne gar de Chill Airne féin, Contae Chiarraí]. Tá trí loch ann: Loch Léin, Loch Mhucrois agus An Loch Uachtarach.[1]
Timpeallacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá na lochanna suite i ngleann íseal ach 20 m (66 ft) thar leibhéal na mara,[1] leis Na Cruacha Dubha ar gach taobh, san áireamh. Corrán Tuathail (an sliabh is airde i nÉirinn), An Sliabh Corcra, An Mhangarta agus Sliabh Torc.
Ar an mbóthar N71 idir Chill Airne agus an Neidín tá a ionad amhairc darb ainm Ladies View.[2]
Loch Léin
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is Loch Léin[3] an loch is mó, agus an ceann is faide ó thuaidh, le hachar 19 square kilometres (4,700 acres) aige.[4] Sreabhann An Leamhain as an loch siar ó thuaidh, i dtreo Chill Orglan agus i mBá an Daingin isteach.
Tá an-chuid oileán beag faoi chrainn sa loch, san áireamh Inis Faithlinn le fothrach Mhainistir Inis Faithlinn.[1] Ar an mbruach thoir, tá leithinis darbh ainm, Oileán an Rois, air a fuarthas an ceárta den Choparaois is luaite i réamhstair na hÉireann.[5] Faightear Caisleán an Rois, daingean den 15ú haois, ar bhruach thoir an locha, taobh ó thuaidh den leithinis.
Loch Mhucrois
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Aitheanta fosta mar An Loch Lárnach nó Loch an Toirc, tá Loch Mhucrois suite díreach ó dheas de Loch Léin.[6] Tá eatarthu leithinis beag, agus Droichead áirseach chloiche an Bhricín ag dul trasna air.[1] Is é an loch is doimhne na hÉireann, huasdomhain 75 metres (246 ft) aige.[7] Tá fánaíocht pábháilte tuairim is 10 km (6.2 mi) ar fad timpeall an locha.[2]
An Loch Uachtarach
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is é An Loch Uachtarach an loch is lú den trí loch. Idir é agus Loch Mhucrois tá is sruthán lúbach tuairim is 4 km (2.5 mi) ar fad.[1]
Béaloideas
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir béaloidis, bhí Cáit Ní Chearnaigh ar tóir taoiseach faoi gheasa Ó Donnchadha, agus gur éag sí ar míre. Feictear Cáit i ndán le Letitia Elizabeth Landon's in éineacht le The Upper Lake of Killarney le William Henry Bartlett;[8] agus i ndán le Landon, Kate is Craz'd, in éineacht le pictiúr le Joseph John Jenkins.[9]
Ní hionann an bhean seo agus a té a bhíodh bialann aici in Kate Kearney's Cottage ag Dún Lóich.
Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]


Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Killarney National Park
- Cartlanna na Lochanna Curtha i gcartlann 2024-11-30 ar an Wayback Machine, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
- Ross Island Curtha i gcartlann 4 Feabhra 2012 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 5 "Natural Wonders of the World" (1980): 204–205. United States of America: Reader's Digest Association, Inc.
- 1 2 Guides, Rough (2015-06-09). "The Rough Guide to Ireland" (as en). Penguin.
- ↑ Dúchas. "The Lakes". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-06-15. Dáta rochtana: 2007-07-01.
- ↑ "Official Killarney National Park Website". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-02-07. Dáta rochtana: 2017-03-24.
- ↑ Richard Bradley The prehistory of Britain and Ireland, Cambridge University Press, 2007, ISBN 0-521-84811-3, ll. 142-146
- ↑ Ballantyne, Robert Michael (1865-01-01). "The Lakes of Killarney" (as en). T. Nelson.
- ↑ Enterprise, Foran. "Killarney Lakes". www.gleannfia.com. Dáta rochtana: 2017-03-24.
- ↑ Landon, Letitia Elizabeth (1831). "Fisher's Drawing Room Scrap Book, 1832". Fisher, Son & Co..Landon, Letitia Elizabeth (1831). "Fisher's Drawing Room Scrap Book, 1832". Fisher, Son & Co..
- ↑ Landon, Letitia Elizabeth (1839). "Fisher's Drawing Room Scrap Book, 1840". Fisher, Son & Co..Landon, Letitia Elizabeth (1839). "Fisher's Drawing Room Scrap Book, 1840". Fisher, Son & Co..
