Jump to content

Loch an Scoir

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch an Scoir
Íomhá
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Liatroma, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 01′ 31″ N, 7° 57′ 21″ O / 54.0253°N,7.9558°W / 54.0253; -7.9558

Is loch fionnuisce é Loch an Scoir[1] i ndeisceart Chontae Liatroma, mar chuid den Uiscebhealach na Sionainne is na hÉirne.

Tá fianaise ann go raibh lonnaitheoirí ina gcónaí ar an loch ón ré Neoiliteach ar aghaidh. I measc gnéithe faoi chosaint, tá Caisleáin Seáin, trí chrannóg agus an tóchar go dtí Oileán an Roisín.

I gcoitinne, tá éiceolaíocht na n-uiscebhealaí i gContae Liatroma faoi bhagairt ó thruailliú agus speicis ionracha amhail is diúilicín riabhach, breallach fionnuisce agus tím chathach.[2]

De réir bréagbhéaloidis den 19ú haois, tá Loch an Scoir ainmnithe as Oscar mac Oisín, agus go raibh a uaigh in Aghascur.[3] Tá go leor bríonna ag an bhfocal úd, scor, .i. capaill, féarach capall nó buíon.[4][3]

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Loch an Scoir, An Chorr Ghlas (ag breathnú ó dheas)

Tá Loch an Scoir tuairim is 1 km (0.6 mi) siar ó thuaidh de Cheis Charraigín. Tá achar 1.14 square kilometres (0.4 sq mi) aige.[5]:54 Tá an loch domhain le láib bhog nó móin dlúth ag a mbun. Tá an chuid is tanaí gar den bhruach thuaidh, idir Draighnigh agus Droim Conga i mbaile fearainn Chill Tiobrad. Tá sa loch carraig scoite 4m trasna díreach faoi bhun leibhéal an uisce.

D'fhéadfadh a rá gur síneadh ar Loch Marbh é Loch an Scoir, óir go bhfuil an leibhéal céanna acu agus tá cainéal leath-mhíle ar fad eatarthu.[6] Tá an loch nasctha le:

Tá uisceleibhéal an locha faoi rialú Uiscebhealaí Éireann, trí dhá dhoirtbhealach.

Tá gnéithe tíre moiréin Rogen le feiceál sa ghleann idir Sliabh an Iarainn and Loch an Scoir. Tá na mílte droimnín sna hísealchríocha mórthimpeall an locha a bhuí le gluaiseacht mhoiréanacht.[7]:65

Éiceolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na n-iasc i Loch an Scoir, tá hibridí róiste-brain (54%), róiste féin (22%), péirse (9%), bran féin (9%, cánóg sciorrach san áireamh), liús (ní gailliasc[2]) (6%), garmachán agus eascann.[8]:20–25[9] Rugadh ar liúis mhóra sa loch, ag meá 10 kg (22 lb) nó níos mó.[8]

Sa bhliain 2002, tuairiscíodh nach raibh zebra mussels ann a loch.[10]:10 Sa bhliain 2005, tugadh rátáil méiseatrófach ar cháilíocht an uisce.[11]:97[n 1]

Crannóg

Is amhlaidh go raibh fiagaithe cnuasaitheoirí méisiliteacha ann ag Loch an Scoite tuairim is c. 8,000-4000 RC.[12]:229 I measc déantáin aimsithe ag an loch, tá cúig sleanntach liteach, tua scill greanta, tua dolairít, crann snámha faoinár aimsíodh píosa leathair.[12]:229 Meastar go raibh crannóga clochaoise anm.[13]:130[14]:332

Múnla cloiche comhréidhe aimsithe i gcrannóg Loch an Scoir

Bhí lonnaitheoirí Cré-umhaoise ann ag Loch an Scoir c. 4,000-2,500 RC. Aimsíodh an Múnla Cloiche Loch an Scoir, bloc triantánach déanta as triangular coarse block of white gaineamhchloch bán, ar chrannog Loch an Scoir,[13]:194 úsáidte chun tuanna comhréidhe nó reanna sleá a mhúnlú. [15]:370[16]:9 [17]:72 Tá ann múnla i mBailiúchán Acadamh Ríoga na hÉireann.

Tá ag Loch an Scoir cúig nó sé chrannóg ón Iarannaois.[18]:3[19]:xliii

Iarsmaí réamh-Cheilteach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caomhnaítear iarsmaí réamh-Cheilteach ó Loch an Scoir ag Acadamh Ríoga na hÉireann agus Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar a leanas:

Altóir draoi Aghascur

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Aghascur, Loch an Scoir sa chúlra

Suite 400 yd (366 m) ó dheas den loch, tá gort darbh ainm Aghascur, ina bhfuil leacht cloiche ársa. D'fhéadfadh é gurbh altóir draoi a bhí ann roimh thrácht na Críostaíochta.[20]:xviiciste ar an suíomh fosta.

Caisleán Uí Chonchúir

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1265, thóg Aodh na nGall Ó Conchúir caisleán ag Loch an Scoir.[21]:1 Bhí sé mar aidhm míleata agus t Conmhaicne Mhuintir Eolais a chosaint in aghaidh na Normannach, Sa bhliain 1270, chuaigh sé lena slua Loch an Scoir agus airm Chonmhaicne i mbun catha, agus bhain siad bua cinniúnach amach ag Cath Átha an Chip.

Caisleán Loch an Scoir

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar trácht i nAnnála Éireann ar chrannóg daingnithe ar Loch an Scoir.[22]:143

  • AU 1343: Ceithri meic Cathail, mic in Chaich Meg Raghnaill, do ghabail ar Loch in Sguir do Concobur Mag Raghnaill...[23]:AU 1343.3
  • ACM 1390: Maghnus Ó Ruairc baí i m-braighdenus ag Ua Raighilligh i c-cloich Locha h-Uachtair d'elodh esde, & tarraing dó go caislén Locha an Sccuir...[24]:ACM 1390.4

Caisleán Seáin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1570, thóg Seán Mac Raghnaill caisleán sa bhaile fearainn, Gabhlaigh ar leithinis ar an loch.[25]:144 Foirgneamh trí stór a bhí ann, agus talamh maith mórthimpeall air. Idir na blianta c. 1570-1729, bhíodh Mac Raghnaill (bás 1619) agus a mhuintir ina gcónaí ann.

Ní chaomhnaítear fothrach an chaisleáin mar séadchomhartha náisiúntasuíomh oidhreachta.[26]:1 Thit cuid den fhoirgneamh anuas c. 1908 ach cóiríodh é ag cumann áitiúil um chaomhnú oidhreachta.[27][28]

Caisleán Seáin c. 1791

Oileán an Phriosúin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a ceapadh Seán agus a mhac ina ngardaí príosúin chontae Liatroma sa bhliain 1605, thóg siad 'Oileán an Phriosúin' ar Loch an Scoir.[27] Fágadh an oileán tar éis don phriosúin i nCora Droma Rúisc a osclaíodh. Ní chaomhnaítear fothrach an phriosúin mar séadchomhartha náisiúntasuíomh oidhreachta

Oileán an Phriosúin, c. 1791

Oibriú miotail

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn ré Eilíse, cláraíodh gur tugadh fiant do chúig ghabha miotail as "Lougheskure":[29]:580

  • Giolla Gruma Ó Floinn
  • Charles Ó Floinn
  • Tuathal Ó Fionnáin
  • Tadhg óg Ó Fionnáin agus Eoin Ó Fionnáin, (ainmnithe mar thincéirí).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. staideanna trófacha agus méiseatrófach inmhianaithe, ach cuireann rátálacha eotrófach nó hipeartrófach truailliú in iúl.[11]:8
  1. "Loch an Scoir". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 4ú Iúil 2025.
  2. 1 2 "Genetic structure of pike (Esox lucius) reveals a complex and previously unrecognized colonization history of Ireland" (2014). Journal of Biogeography 41 (3): 548–560. doi:10.1111/jbi.12220. PMID 25435649.
  3. 1 2 "Loch an Scoir (baile fearainn)". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 4ú Iúil 2025.
  4. "scor II". teanglann.ie. Dáta rochtana: 5ú Iúil 2025.
  5. Haug, Per Ivar (2011). "Gazetteer of Ireland, Til Opplysnin" 16. Hommelvik: UBiT, Universitetsbiblioteket i Trondheim.
  6. 1 2 MacMahon, John (1845). Correspondance relative to the navigation between Lough Erne and the River Shannon (Tuairisc). Vol. 45 (Parliamentary Papers, House of Commons and Command ed.). H.M. Stationery Office.
  7. Moody, Theodore William (1976). "A New History of Ireland: Prehistoric and early Ireland" 1. Oxford University Press.
  8. 1 2 "Lough Scur".
  9. "Coarse Angling Keshcarrigan". discoverireland.ie.[nasc briste go buan]
  10. Minchin; Lucy; Sullivan (2002). Monitoring of zebra mussels in the Shannon-Boyle navigation, other navigable regions and principal Irish lakes, 2000 & 2001 (PDF). Marine Environment and Health Series (Tuairisc). Vol. 5. Marine Institute.
  11. 1 2 Clenaghan, Conor; Clinton, Frank; Crowe, Matthew (2005). Phosphorus Regulations National Implementation Report (PDF) (Tuairisc). Environmental Protection Agency, Office of Environmental Enforcement.
  12. 1 2 Driscoll, Killian (2006), The early prehistory in the west of Ireland: Investigations into the social archaeology of the Mesolithic, west of the Shannon, Ireland. (PDF) (M.Litt. Thesis ed.), Department of Archaeology, National University of Ireland, Galway
  13. 1 2 Fredengren, Christina (2013). Crannogs (PDF) (Tuairisc). Stockholm University.
  14. Wilde, William (March 1854). "The food of the Irish, part II". Dublin University Magazine: A Literary and Philosophic Review. Vol. 43, no. 255. Curry. pp. 317–333.
  15. Munro, Robert (1890). "The lake-dwellings of Europe: being the Rhind lectures in archaeology for 1888". London : Cassell & company, limited.
  16. Coffey, George (1913). "The Bronze Age in Ireland". Dublin, Hodges, Figgis, & Co., Limited.
  17. 1 2 3 Wood-Martin, W. G. (William Gregory) (1886). "The lake dwellings of Ireland: or, Ancient lacustrine habitations of Erin, commonly called crannogs". Dublin : Hodges, Figgis & Co..
  18. "Drumcong jamboree and dancing carnival". Leitrim Observer (1970). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-02-02. Dáta rochtana: 2025-07-09.
  19. 1 2 3 4 5 Mulvany, W. T.; Fraser, William; Roberts, Samuel; Mulvany, Thomas J.; O'Flaherty, John (1852). Appendix No. V: Notices of Antiquities Presented to the Royal Irish Academy by W. T. Mulvany, Esq., M. R. I. A., on the Part of the Commissioners of Public Works. Proceedings of the Royal Irish Academy (Tuairisc). Vol. 5. Royal Irish Academy. pp. xxxi–lxvi. JSTOR 20489812.
  20. "Survey of the Megalithic Tombs of Ireland" (1972) III. Dublin: Stationery Office. Curtha i gcartlann 2021-09-23 ar an Wayback Machine
  21. Hazard, Benjamin. "Annales Dominicani de Roscoman, 1163—1314: Introduction". Corpus of Electronic Texts.
  22. British Museum (1904). "A guide to the antiquities of the Bronze Age". Dept. of British and Mediaeval Antiquities: [Oxford] Trustees of the B.M..
  23. Bambury, Pádraig. "The Annals of Ulster". Corpus of Electronic Texts.
  24. Ó Donnabháin, Seán. "The Annals of the Four Masters". Corpus of Electronic Texts.
  25. Meehan, Joseph (1906). "Notes on the Mac Rannals of Leitrim and their Country". Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland: 144–145.
  26. National Monuments in State Care: Ownership & Guardianship - Leitrim (PDF) (Tuairisc). Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta. 2009.
  27. 1 2 Whelan, Thomas. "The Schools’ Collection, Local ruins". Dúchas.
  28. 1938, pp. 385.
  29. Rodelez, Paul (2014), Ironworking in late medieval Ireland, c. AD. 1200 to 1600, hdl:10468/1944