Jump to content

Loch an Eanaigh Mhóir

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch an Eanaigh Mhóir
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Ros Comáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 48′ 02″ N, 8° 09′ 29″ O / 53.8006°N,8.1581°W / 53.8006; -8.1581

Is loch fionnuisce é Loch an Eanaigh Mhóir[1][2] suite i gContae Ros Comáin in abhantrach na Sionainne Uachtair.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Loch an Eanaigh Mhóir tuairim is 5 km (3 mi) siar ó thuaidh de Bhéal na mBuillí. Tá sé suite i lár grúpa lochanna oighir beaga.[3]

Stair an dúlra

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir suirbhé déanta sa bhliain 2008, tá ar a laghad seacht speiceas iasc ann i Loch an Eanaigh Mhóir, san áireamh péirse, róiste, ruán, liús, cúramán, garmachán agus eascann atá i mbaol criticiúil.[3]

Is tearmann éan tábhachtach é an loch. I measc speiceas atá i mbaol anseo, tá eala ghlórach agus feadóg bhuí. I measc speiceas eile, tá praslacha, spadalach tuaisceartach, rualacha, mallard, lacha mhásach, órshúileach, ppilibín agus crotach. Tá an loch agus na heanaigh mórthimpeall lastigh den Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Loch an Eanaigh Mhóir (Ros Comáin).[4]

Ag fás ar bhruach an locha, tá bogshifín ar thaobh an locha na ngiolcarnach. Tá eanach alcaileach le cois an locha agus sifín ag fás ann. Tá an fosta féarach alcaileach, agus bodán meascáin ag fás ann. Faightear roinnt speiceas magairlín ann, magairlín mór agus Lus taghla san áireamh. I dteannta sin, tá roinnt speiceas gann ag fás san eanach agus na cluainte fliucha mórthimpeall. Tá ann freisin limestone pavement agus portach bainte beag, a chuireann le héagsúlacht éiceolaíoch na speiceas.

I measc inveirteabrach, tá dhá phobal den speiceas gann, seilide rinseach Geyer (Vertigo geyeri), atá liostaithe sa Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Loch an Eanaigh Mhóir/Annaghmore Lough". logainm.ie. Bunachar Logainmneacha na hÉireann. Dáta rochtana: 30 January 2020.
  2. Free, Gary; Little, Ruth; Tierney, Deirdre; Donnelly, Karol & Caroni, Rossana (2006). A Reference Based Typology and Ecological Assessment System for Irish Lakes (PDF) (Tuairisc). Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire). p. 10. Aisghafa 11 October 2022.
  3. 1 2 "Water Framework Directive Fish Stock Survey of Annaghmore Lough". Inland Fisheries Ireland (Oct 2011). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-03-30. Dáta rochtana: 26ú Feabhra 2016.
  4. 1 2 "Annaghmore Lough (Roscommon) SAC". An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Dáta rochtana: 26ú Feabhra 2016.