Jump to content

Loch Uí Fhloinn

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Uí Fhloinn
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 45′ 52″ N, 8° 37′ 52″ O / 53.7644°N,8.6311°W / 53.7644; -8.6311

Is loch fionnuisce é Loch Uí Fhloinn[1][2] suite in iarthair Chontae Ros Comáin. Is foinse na Suca é.

Tá an loch ainmnithe as an treibh Ghaelach Uí Fhloinn, a bhí ina ríthe sa cheantar dúchasach darbh ainm Síol Maolruain sa mheánaois. Ba chlann mhór í sa pharóiste leis an bhfothrach Chill Tulach.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Loch Uí Fhloinn 2 km (1.2 mi) ar fad agus 1 km (0.6 mi) ar leithead. Tá sé tuairim is 10 km (6.2 mi) soir ó Bhéal Átha hAmhnais, díreach ó thuaidh de Bhaile an Locha, Contae Ros Comáin. Is foinse na Suca é.

crannóg ar an loch, a théann siar a mheastar go dtí an meánaois. Bheadh sí ina tearmann le linn ionsaithe.

Tá conairí marcáilte ann mórthimpeall an locha, le radharcanna ar an loch agus abhainn, mar aon le talamh scrobarnach phortaigh agus coillearnach bhuaircíneach.[3]

Stair an dúlra

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na n-iasc i Loch Uí Fhloinn, tá róiste, péirse, breac donn, liús agus eascann atá i mbaol criticiúil.[4] In aice an locha tá portach ardaithe, Portach Cheathrú Bheithí/na Cathrach, atá ina Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Loch Uí Fhloinn". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 30ú Eanáir 2020.
  2. Free, Gary; Little, Ruth; Tierney, Deirdre; Donnelly, Karol & Caroni, Rossana (2006). A Reference Based Typology and Ecological Assessment System for Irish Lakes (PDF) (Tuairisc). Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire). p. 13. Aisghafa 12 October 2022.
  3. "Lough O'Flynn: Wild goose bog loop". DiscoverIsland. Dáta rochtana: 12a Márta 2020.
  4. "Sampling Fish for the Water Framework Directive : Lough O'Flynn". Iascach Intíre Éireann (Iúil 2014). Dáta rochtana: 29ú Nollaig 2015.[nasc briste go buan]
  5. "Carrowbehy/Caher Bog SAC". An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Dáta rochtana: 29ú Nollaig 2015.