Loch Ghleann an Chairthe
| Cineál | Loch | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Ben Bulben, Gleniff and Glenade Complex (en) | |||
| Suíomh | ||||
| Tír abhantraí | Éire | |||
| Limistéar riaracháin | Éire | |||
| ||||
Is loch fionnuisce é Loch Ghleann an Chairthe (.i., gallán),[1][2] suite go formhór i gContae Liatroma agus cuid bheag i gContae Shligigh. Tá ábhar 1.15 square kilometres (284 acres). Tá Eas Ghleann an Chairthe ann gar de bhruach thuaidh an locha ar an taobh Liatroma.
Tíreolaíocht agus Hidreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Loch Ghleann an Chairthe suite idir na Sléibhte Dhartraí raibh ó thuaidh agus an sliabhraon le Cope's Mountain taobh ó dheas. Tá an loch 10 kilometres (6 mi) soir ó thuaidh ó Shligeach agus 15 km (9 mi) siar ó Chluainín Uí Ruairc. Tá sé 2.5 km (2 mi) ar fad thiar-thoir agus 0.6 km (0.4 mi) ar leithead.[3][4]
Soláthraítear Loch Gleann an Chairthe go príomha ag an Eas ar bhruach thuaidh an locha, agus ag Abhainn an Duifriain, a ritheann isteach ar an taobh thoir. Ritheann Sruth in Aghaidh an Aird isteach fosta díreach taobh thiar den Eas.
Sreabhann an loch siar i nAbhainn Dhroim Chliabh isteach, a shreabhann féin isteach i gCuan Shligigh.[5]
Tá doimhneacht an locha is mó gar den bhruach theas, le seilf níos éadoimhne ó thuaidh.[6]
Tá dhá chrannóg ar an loch: ceann amháin ar an taobh thiar gar den Abhainn Dhroim Chliabh; agus ceann eile ar an taobh thoir gar d'Abhainn an Duifriain.[5]

Stair an dúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na n-iasc ann i Loch Gleann an Chairthe, tá bradán agus breac donn.[6]
Agus i measc beathra éan, tá lacha bhadánach, lacha mhásach agus órshúileach. Is éin imirceacha iad seo a chaitheann an geimhreadh ar an loch.[4]

Éiceolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tuairiscítear go bhfuil caighdeán an uisce ar fheabhas sna blianta 2001-2003, le rátáil olagatrófach aige.[7][8] Tá éiceolaíocht an locha, maraon le huiscebhealaí Éireannacha eile, faoi bhagairt ámh ag na speicis ionracha tím chatach, diúilicín riabhach agus breallach fionnuisce.[9][10]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tráth dá raibh, glaodh Glenn Dalláin ar an ngleann[11] mar chuid den Ríocht Bhréifne. Déantar trácht ar an loch agus na crannóga inti i nAnnála na gCeithre Máistrí:[12]
An chrannócc airtherach baoí ar Loch Glinne Dalláin do ghabháil lá cloinn Domhnaill mic Donnchaidh Uí Ruairc ar Donnchadh mac Donnchaidh I Ruairc. A cenn aimsire iar sin tucsat clann Donnchaidh Uí Ruairc (Domhnall, & Fer Gan Ainm) ionnsaicchidh ar an c-crannóicc go ro chuirset teine isin m-baile gan fhios.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhídís ag baint bairít ag Gleann Chairbre sna Sléibhte Dhartraí os cionn an locha idir na blianta 1894 agus 1979. Tógadh rópabhealach ón mianach chuig bruach an locha sa bhliain 1942, chun an bairít a seoladh ar aghaidh ar bóthar.[13]
Tá gléasra buidéalaithe an Glencar Water Company suite gar de bhruach thuaidh an locha. Bunaíodh an comhlacht sa bhliain 2008, chun uisce a thabhairt ón tobar atá ar an láthair acu a thagann ó Shléibhte Dhartraí.[14]
Cultúr na ndaoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]- San úrscéal den bhliain 2018 Normal People le Sally Rooney, atá cuid de suite i Sligeach, sa chaibidil 'July 2014', tugann an bheirt phríomhcharachtar cuairt ar An Leathros agus Eas Ghleann an Chairthe,
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tuilleadh le léamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Clenaghan, Conor; Clinton, Frank; Crowe, Matthew (2005). Phosphorus Regulations National Implementation Report (PDF) (Tuairisc). Environmental Protection Agency, Office of Environmental Enforcement.
- Pedreschi, D.; Kelly-Quinn, M.; Caffrey, J; O'Grady, M.; Mariani, S.; Phillimore, A. (2014), "Genetic structure of pike (Esox lucius) reveals a complex and previously unrecognized colonization history of Ireland", Journal of Biogeography, 41 (3), Journal of Biogeography, 41(3), 548–560.: 548–560, doi:10.1111/jbi.12220, PMC 4238397, PMID 25435649
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Loch Ghleann an Chairthe/Glencar Lough". logainm.ie. logainm.ie. Dáta rochtana: 7ú Lúnasa 2015.
- ↑ Joyce, Patrick Weston (1984). "Pocket guide to Irish place names". Appletree Press.
- ↑ Free, Gary; Little, Ruth; Tierney, Deirdre; Donnelly, Karol & Caroni, Rossana (2006). A Reference Based Typology and Ecological Assessment System for Irish Lakes (PDF) (Tuairisc). Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire). p. 12. Aisghafa 12 October 2022.
- ↑ 4.0 4.1 "Glencar Valley". BirdWatch Ireland. Dáta rochtana: 28ú Márta 2015.
- ↑ 5.0 5.1 "OSI Mapviewer". Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann. Dáta rochtana: 28ú Márta 2015.
- ↑ 6.0 6.1 "Fishing in Ireland - Glencar Lake and Drumcliff River". Iascach Intíre Éireann. Dáta rochtana: 28ú Márta 2015.
- ↑ Clenaghan, Clinton & Crowe 2005, pp. 97.
- ↑ Clenaghan, Clinton & Crowe 2005, pp. 8.
- ↑ Pedreschi et al. 2014.
- ↑ Clenaghan, Clinton & Crowe 2005, pp. 16.
- ↑ Saint Caillin (1875). "The Book of Fenagh". Dublin: Alexander Thom.
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1541.8
- ↑ Williams, Mary Anne (2008). "Landscapes, Rocks and Fossils: The Geological Heritage of County Sligo": 6, 22. Sligo Regional Technical College.
- ↑ Gray, Jim (30 April 2008). "Glencar water springs up". Dáta rochtana: 30ú Márta 2015.
