Loch Ghleann Éada
| Cineál | Murlach | |||
|---|---|---|---|---|
| Suíomh | ||||
| Limistéar riaracháin | Éire | |||
| ||||
Is loch fionnuisce é Loch Ghleann Éada,[1][2] suite i dtuaisceart Chontae Liatroma.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Loch Ghleann Éada suite idir Sléibhte Dhartraí taobh thiar agus Sliabh Áradh taobh thoir. Tá an loch 9 kilometres (5.6 mi) siar ó thuaidh de Chluainín agus 12 km (7.5 mi) ó dheas de Chionn Locha. Tá sé 1.6 km (1 mi) ar fad siar ó thuaidh go dtí soir ó dheas, agus achar 0.74 square kilometres (0.3 sq mi) aige.[3][4]
Hidreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Soláthraítear Loch Ghleann Éada le roinnt sruthán a shreabhann isteach taobh ó thuaidh. Ritheann an loch ó dheas san Bhuannaid isteach.[5][6]
Stair an dúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na n-iasc i Loch Ghleann Éada, tá Róiste, péirse, liús agus eascann atá i mbaol criticiúil. Faightear ann fosta piardóg liathbhán, spéiceas eile i mbaol criticiúil.[5] Rinneadh Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta den loch agus desna tailte mórthimpeall air sa bhliain 1997.[5][7]
Éiceolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tuairiscíodh go raibh i Loch Ghleann Éada cáilíocht uisce fónta c. 2001-2003, le rátáil méiseatrófach aige.[8][n 1]
I gcoitinne, tá éiceolaíocht Loch Ghleann Éada agus uiscebhealaí eile faoi bhagairt fhoirgeachta le tím chatach, diúilicín riabhach agus breallach fionnuisce.[9]: 16
Seanscéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir na seanscéalta, tá ina chónaí ann Loch Ghleann Éada dobharchú osnádúrtha. Ar leac uaighe i reilig in aice láimhe, insítear gur maraíodh bean ag dobharchú sa bhliain 1722.[10]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tá staideanna trófacha olagatrófach agus méiseatrófach inmhianaithe, ach cuireann rátálacha eotrófach nó hipeartrófach truailliú in iúl.[8]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Loch Ghleann Éada". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 7ú Lúnasa 2015.
- ↑ "Killasnet Parish". Comhairle Contae Liatroma (2008). Dáta rochtana: 10ú Aibreán 2015.
- ↑ Free, Gary; Little, Ruth; Tierney, Deirdre; Donnelly, Karol & Caroni, Rossana (2006). A Reference Based Typology and Ecological Assessment System for Irish Lakes (PDF) (Tuairisc). Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire). p. 12. Aisghafa 12 October 2022.
- ↑ Joyce, Patrick Weston (2007). "The Geography of the Counties of Ireland".
- ↑ 5.0 5.1 5.2 "Water Framework Directive Fish Stock Survey of Glenade Lough". Iascach Intíre Éireann. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-21. Dáta rochtana: 10ú Aibreán 2015.
- ↑ "OSI Mapviewer". Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann. Dáta rochtana: 10ú Aibreán 2015.
- ↑ "Site factsheet for Glenade Lough". Gníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach. Dáta rochtana: 10ú Aibreán 2015.
- ↑ 8.0 8.1 Clenaghan, Conor; Clinton, Frank; Crowe, Matthew (2005). Phosphorus Regulations National Implementation Report (PDF) (Tuairisc). Environmental Protection Agency, Office of Environmental Enforcement.
- ↑ "Genetic of pike (Esox lucius) reveals a complex and previously unrecognized colonization history of Ireland" (2014). Journal of Biogeography 41 (3): 548–560. doi:. PMID 25435649.
- ↑ Shuker, Karl. "The Beasts That Hide from Man: Seeking the World's Last Undiscovered Animals": 11–20.
