Jump to content

Loch Fionnmhaí

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Fionnmhaí
Íomhá
CineálMurlach Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 03′ 09″ N, 7° 42′ 44″ O / 54.0525°N,7.71222°W / 54.0525; -7.71222

Is loch fionnuisce é Loch Fionnmhaí[1][2] (nó Loch Guth Ard Deas[3][4]) suite i ndeisceart Chontae Liatroma. Is cuid d'Uiscebhealach na Sionainne is na hÉirne é.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Loch Fionnmhaí 8 kilometres (5.0 mi) soir ó Bhéal an Átha Móir.[5] Tá sé 3 km (1.9 mi) ar leithead thiar-thoir agus tá achar 3.9 square kilometres (1.5 sq mi) aige.[6] Tá trí oileán sa loch, agus ainmneacha ag dhá cheann acu: Inis Mór[7][8] agus Inis na dTorc.[9]

Hidreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Loch Fionnmhaí ar Uiscebhealach na Sionainne is na hÉirne. Sreabhann An Gheirgthigh isteach ann agus Sruth Gráinne amach[3] trí Bhéal Átha Conaill, agus ar deireadh o Loch Éirne Uachtair isteach go gar den Tigh Mór i ndeisceart Chontae Fhear Manach.

Stair an dúlra

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na n-iasc i Loch Fionnmhaí, tá cúramán, róiste, bran agus liús. Rugadh ar liúis mhóra sa loch, ag meá 10 kg (22 lb) nó níos mó.[10]

Éiceolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuairiscíodh go raibh sa loch cáilíocht uisce fónta c. 2001-2003, le rátáil méiseatrófach aige, before dropping to mesotrophic rating c. 2007-2009.[11]: 97 [n 1] Tá foirgeacht diúilicín riabhaigh infestation ann sa loch.[6]: 80 

I gcoitinne, tá éiceolaíocht Chlaonlocha agus uiscebhealaí eile faoi bhagairt fhoirgeachta le tím chatach, diúilicín riabhach agus breallach fionnuisce.[12][11]: 16 

Feictear Loch Fionnmhaí don chéad uair sa litríocht in Vita tripartita Sancti Patricii as an 9ú haois, agus Naomh Pádraig ag dul trasna an locha chun Crom Cruach a scrios.

Tá an loch le feiceál go minic sna hannála: Annála na gCeithre Máistrí 1257 agus Annála Chonnacht 1386 & 1418.

Conn mac Ticchernain Ui Ruairc (.i. tighearna Brefne) ... do tabhairt doibh immaille le cloich Insi na t-Torc ar Loch Fionnmoighe[13]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. staideanna trófacha olagatrófach agus méiseatrófach inmhianaithe, ach cuireann rátálacha eotrófach nó hipeartrófach truailliú in iúl.[11]: 8 
  1. "Loch Fionnmhaí/Garadice Lough". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 1d Iúil 2025.
  2. Martin McGarrigle; John Lucey; Micheál Ó Cinnéide, eds. (2010). Water Quality in Ireland 2007-2009 (PDF). Aquatic Environment Office of Environmental Assessment (Tuairisc). EPA.
  3. 3.0 3.1 Joyce, Patrick Weston (2007). "The Geography of the Counties of Ireland": 66, 127. 
  4. Dalton, John P.: Cromm Cruaich of Magh Sleacht, in Proceedings of the Royal Irish Academy, Iml. XXXVI (1921-1924), Section C, ll. 23-67.
  5. "Garadice Lake". Iascach Intíre Éireann.
  6. 6.0 6.1 Free, Gary; Little, Ruth; Tierney, Deirdre; Donnelly, Karol & Caroni, Rossana (2006). A Reference Based Typology and Ecological Assessment System for Irish Lakes (PDF) (Tuairisc). Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire). p. 11. Aisghafa 12 October 2022.
  7. "Inis Mór/Church Island". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 1d Iúil 2025.
  8. "The medieval island church in Lough Garadice" (2015). Breifne, Journal of Cumman Seanchais Breifne (Breifne Historical Society) 13 (50): 439–469. 
  9. "Inis na dTorc". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 1d Iúil 2025.
  10. "Lough Garadice". Uiscebhealaí Éireann. Dáta rochtana: 31d Iúil 2015.
  11. 11.0 11.1 11.2 Clenaghan, Conor; Clinton, Frank; Crowe, Matthew (2005). Phosphorus Regulations National Implementation Report (PDF) (Tuairisc). Environmental Protection Agency, Office of Environmental Enforcement.
  12. "Genetic structure of pike (Esox lucius) reveals a complex and previously unrecognized colonization history of Ireland" (2014). Journal of Biogeography 41 (3): 548–560. doi:10.1111/jbi.12220. PMID 25435649. 
  13. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1257.9
Earráid leis an lua: <ref> tag with name "OS" defined in <references> is not used in prior text.

===Secondary sources