Jump to content

Loch Dhroim Dhá Liag

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Dhroim Dhá Liag
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 00′ 59″ N, 7° 59′ 07″ O / 54.0164°N,7.9853°W / 54.0164; -7.9853

Is loch fionnuisce an-bheag é Loch Dhroim Dhá Liag,[1] suite i gContae Liatroma.

I gcoitinne, tá éiceolaíocht an locha agus uiscebhealaí eile faoi bhagairt fhoirgeachta le tím chatach, diúilicín riabhach agus breallach fionnuisce.[2][3]:16

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Loch Dhroim Dhá Liag suite 1 km (0.6 mi) ó dheas den tsráidbhaile Dhroim Conga agus Loch Charraig an Phoirt, agus 1 km (0.6 mi) siar ó dheas de Loch an Scoir. Tá an loch nasctha le Loch Conbhuí agus Loch an Scoir trí Uiscebhealach na Sionainne is na hÉirne.

Tá cruth éilipseach ag an loch. Tá sé an-bheag, níl achar ach 0.05 km2 (0.0 sq mi) aige, agus é 300 m (984.3 ft) ar fad thiar-thoir, 170 m (557.7 ft) ar leithead, agus doimhneacht go dtí 6 m (19.7 ft). Tá láib an-bhog ar a ghrinneall.[4]:23

Crannóg

Bhíodh dhá chrannóg ar Loch Dhroim Dhá Liag sa mheánaois ar a laghad.[5]:365 Aimsíodh iad le linn na 19ú haise (c. 1843-1852).[6]:xliii

Plean Chrannóg Dhroim Dhá Liag a haon

Is sampla maith é Chrannóg Dhroim Dhá Liag a haon d'áitreabh locha. Cé is moite desna teallaigh cloiche, tógadh as adhmad é, go formhór fearnóg.

Plean de chuid de Chrannóg Dhroim Dhá Liag a dó

Bhí Crannóg Dhroim Dhá Liag a dó 6.7 metres (22.0 ft) ar trastomhas.

Aimsíodh i láib an bhruaigh crann snámha ársa, déanta as stoc darach, 5.5m ar fad, 55cm ar leithead. Ní dhearnadh é le haghaidh luais, agus é cearnógach chun tosaigh agus deiridh, agus le leapacha iomartha gearrtha as na taobhanna.[7]:240 Bhí an crann caomhnaithe sách maith ar dtús in, ach thit sé as a chéile agus é nochta don aer.[8]

Aimsíodh na déantáin a leanas ag Loch Dhroim Dhá Liag sa 19ú haois (c. 1843|1852). Caomhnaítear anois iad ag Acadamh Ríoga na hÉireannArd-Mhúsaem na hÉireann:

  • Barrleac tanaí bró faighte ar Chrannóg Dhroim Dhá Liag a dó.[7]:241
  • Bairille cnámh faighte ar Chrannóg Dhroim Dhá Liag a dó.[6]:lx
  • Cuid d'fhráma dorais.[5]:365[6]:lx

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Droim Dhá Liag (baile fearainn)". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 8ú Iúil 2025.
  2. "Genetic structure of pike (Esox lucius) reveals a complex and previously unrecognized colonization history of Ireland" (2014). Journal of Biogeography 41 (3): 548–560. doi:10.1111/jbi.12220. PMID 25435649.
  3. Clenaghan, Conor; Clinton, Frank; Crowe, Matthew (2005). Phosphorus Regulations National Implementation Report (PDF) (Tuairisc). Environmental Protection Agency, Office of Environmental Enforcement.
  4. MacMahon, John (1845). Correspondance relative to the navigation between Lough Erne and the River Shannon (Tuairisc). Vol. 45 (Parliamentary Papers, House of Commons and Command ed.). H.M. Stationery Office.
  5. 1 2 Munro, Robert (1890). "The lake-dwellings of Europe: being the Rhind lectures in archaeology for 1888". London : Cassell & company, limited.
  6. 1 2 3 Mulvany, W. T.; Fraser, William; Roberts, Samuel; Mulvany, Thomas J.; O'Flaherty, John (1852). Appendix No. V: Notices of Antiquities Presented to the Royal Irish Academy by W. T. Mulvany, Esq., M. R. I. A., on the Part of the Commissioners of Public Works. Proceedings of the Royal Irish Academy (Tuairisc). Vol. 5. Royal Irish Academy. pp. xxxi–lxvi. JSTOR 20489812.
  7. 1 2 Wood-Martin, W. G. (William Gregory) (1886). "The lake dwellings of Ireland: or, Ancient lacustrine habitations of Erin, commonly called crannogs". Dublin : Hodges, Figgis & Co..
  8. O'Sullivan, Aidan (2004), The social and Ideological role of Crannogs in Early Medieval Ireland (PDF) (PhD. Thesis ed.), Department of Modern History, National University of Ireland, Maynooth