Loch Dhoirinse
| Cineál | Loch | |||
|---|---|---|---|---|
| Suíomh | ||||
| Limistéar riaracháin | Éire | |||
| ||||
Is murlach dríodrach é Loch Dhoirinse,[1][2] suite ar chósta theas Chontae Dhún na nGall.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Loch Dhoirinse 12 km (7.5 mi) taobh ó thuaidh Bhéal Átha Seanaidh ar an mbóthar R231, díreach lasmuigh den tsráidbhaile, Ros Neamhlach. Tá an loch 1.5 km (0.9 mi) ar fad thuaidh-theas agus 1.0 km (0.6 mi) ar leithead.
Hidreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Loch Dhoirinse roinnte ón fharraige ag droimníní agus dumhcha arda. Tá salandacht ann suas go dtí 7 codanna sa mhíle. Sreabhann roinnt srutháin bheaga isteach sa mhurlach. Tráth dá raibh, bhí eis-sreabhadh nádúrtha ann, ach cuireadh cainéal saorga ina ionad.[3][4]
Stair an dúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an chuid is mó é an murlach den Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Loch Dhoirinse. I measc áiteanna eile, tá dumhacha, an trá, duirling stoirme doirneoige, droimníní clúdaithe le gaineamh agus murlach beag sáile.[4]
Ar bhruacha na locha tá an-chuid giolcarnach ann, le giolcach, coigeal na mban sí agus bogshifín. Anseo agus ansiúd sa loch le foshraith lábach, feictear fásra amhail is feileastram, Hippuris vulgaris agus cuiscreach. In áiteanna clochacha, tá lus an chladaigh agus common club-rush. I measc fásra faoin uisce, tá scothóga, scothóga mara agus alga glas fionnuisce neamhchoitianta Chara canescens. Tá an fosta roinnt Inveirteabrach neamhchoitianta i measc na 48 tacsón taifeadtha sa loch.[4]
I measc na n-iasc sa loch, tá mac siobháin gainimh, leith, ruán, garmachán, breac geal agus eascann atá i mbaol criticiúil.[3]
Tá dobhráin ann chomh maith.
Tá an loch lastigh den Important Bird Area Loch Dhoirinse. I measc spéiceas suntasach ann, tá eala bhalbh, eala ghlórach, eala thundra,[5] gé bhánéadanach, agus i dteannta sin roinnt spéiceas lachan a chothaíonn san fhéarach fliuch in aice leis an loch.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Loch Dhoirinse". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 6ú Iúil 2025.
- ↑ Free, Gary; Little, Ruth; Tierney, Deirdre; Donnelly, Karol & Caroni, Rossana (2006). A Reference Based Typology and Ecological Assessment System for Irish Lakes (PDF) (Tuairisc). Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire). p. 11. Aisghafa 11 October 2022.
- 1 2 "Water Framework Directive Fish Stock Survey of Durnesh Lough" (PDF). Iascach Intíre Éireann (2009). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-20. Dáta rochtana: 2025-07-06.
- 1 2 3 4 "Durnesh Lough SAC" (PDF). An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Dáta rochtana: 30ú Márta 2020.
- ↑ "Birdlife Data Zone: Durnesh Lough". BirdLife International (2000). Dáta rochtana: 17ú Márta 2014.
