Jump to content

Loch Dhoire an Chláir

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Dhoire an Chláir
Íomhá
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae na Gaillimhe, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 28′ 17″ N, 9° 46′ 38″ O / 53.4714°N,9.7772°W / 53.4714; -9.7772
Tréithe
Airde os cionn na farraige10 m Cuir in eagar ar Wikidata

Is loch fionnuisce é Loch Dhoire an Chláir,[1] suite ag an mbealach isteach chun Ghleann Eidhneach i Conamara, Contae na Gaillimhe.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Loch Dhoire an Chláir suite tuairim is 20 km (12 mi) taobh thoir den Chlochán ar an mbóthar N59. Tá na Beanna Beola ar an taobh thuaidh, le Binn Doire Chláir suite os cionn an locha féin.

Soláthraítear an loch ó aibhneacha as Loch Eidhneach, é féin soláthraithe ag roinnt aibhneacha sa cheantar, ina measc go príomhach Abhainn Ghleann Eidhneach (a éiríonn go hard thuas sa ghleann ar fhána na Binne Báine agus Binne Duibhe) agus Abhainn Tuairín Uí Chuanna.[2] Sreabhann an loch féin i Loch Bhaile na hInse isteach, áit a ritheann sé leis An Abhainn Mhór agus uaidh sin chuig Cuan na Beirtrí Buí.[2][3]

Tá clú ag Loch Dhoire an Chláir as ucht a chuid iascaireachta, agus bradán agus breac geal le fáil ann. Téitear ag iascaireacht ar "Butaí" (.i. céanna fada amach ón mbruach), go háirithe Buta Dhoire an Chláir Butts, Buta Ghleann Dá Loch agus Greenpoint Butts. Tá an loch agus na cearta iascaireachta i seilbh na gcraobhacha áitiúla.[3][4][5]

Ceantar ardscéimhe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ceantar mór le rá é Loch Dhoire an Chláir mar áit fhíorálainn. Tá radharcanna uaidh ar Ghleann Chóchan sna Beanna Beola agus na sléibhte de chuid Chrú Capaill Ghleann Chóchan, siúlóid 16–km a thógann 8–9 n-uair, agus a mheastar gurb é i measc na slite cnocadóireachta is fearr i nÉirinn.[2][6][7]

Tuilleadh le léamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • "Ireland's Best Walks: A Walking Guide" (2014). Collins Press. 
  • "Connemara: Collins Rambler's guide" (2001). Harper Collins. 
  • "The Mountains of Ireland: A Guide to Walking the Summits" (1993). Cicerone. 
  • Peter O'Reilly (1993). "TROUT & SALMON RIVERS OF IRELAND - An Angler's Guide". Merlin Unwin. 

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Loch Dhoire an Chláir/Derryclare Lough". logainm.ie. logainm.ie. Dáta rochtana: 27ú Nollaig 2015.
  2. 1 2 3 "Connemara: Collins Rambler's guide" (2001). Harper Collins. “Walk 30: Gleann Chóchan Horseshoe”
  3. 1 2 "Ballynahinch Fishery / Lough Inagh Fishery". Fishing in Ireland. Dáta rochtana: 1 August 2019.
  4. Peter O'Reilly (1993). "TROUT & SALMON RIVERS OF IRELAND - An Angler's Guide". Merlin Unwin.
  5. Peter O'Reilly. "The Great Fishing Houses of Ireland: DERRYCLARE LOUGH & LOUGH INAGH". Ireland Fly Fishing. Dáta rochtana: 1d Lúnasa 2019.
  6. Helen Fairbairn (30 December 2014). "Ireland's Best Walks: A Walking Guide (Walking Guides)". Collins Press. ROUTE 34: The Glencoaghan Horseshoe. A true classic”
  7. Tony Doherty (22a Meitheamh 2016). "A walk for the weekend: The Twelve Bens of Connemara are a hard walk but worth it".  Even if you had to crawl across bogs to get to them, it would be worth it as the nine peaks which form the Glencoaghan Horseshoe provide some of the most exhilarating mountaineering on this island.”