Jump to content

Loch Cinnéile

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Cinnéile
Íomhá
CineálLimistéar uisce Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 46′ 31″ N, 7° 25′ 00″ O / 53.7753°N,7.4167°W / 53.7753; -7.4167

Is loch fionnuisce é Loch Cinnéile,[1][2] suite ar na teorainneacha le contaetha an Longfoirt, na hIarmhí agus an Chabháin.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an chuid is mó de Loch Cinnéile i gContae an Longfoirt. Tá sé suite 10 km (6.2 mi) taobh thoir de Ghránard.

Tá Loch Cinnéile 2 km (1.2 mi) ar fad agus 1 km (0.6 mi) ar leithead. Tá sé an-tanaí le huas-doimhneacht de thuairim is 4 m (13.1 ft). Tá an loch roinnte ina dhá leath, le riasc lárnach eatarthu.

Hidreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is loch ar an Eithne, craobh-abhainn príomha den tSionainn, é Loch Cinnéile. Tá Loch Síleann in aghaidh an tsrutha, agus Loch Dairbhreach leis an sruth. Tá Loch Dhoire Each nasctha leis an loch chomh maith.

Éiceolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is athraitheach í cáilíocht an uisce i Loch Cinnéile, déanann scaití rith talamhaíochta chun srutha dochar do. Tráth dá raibh, bhíos breac le fáil sa loch.[3]

Stair an dúlra

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar bhruacha an locha, tá roinnt sraitheanna giolcach, agus anseo is ansiúd riasc ar mhórán cailciam le cíb bheag. Tá bogach mórthimpeall an locha, ach tá cuid do siúd anois ina fáschoill bhuaircíneach.

Tá clú ar Loch Cinnéile as ucht a chuid garbhiascaireachta, le liús i measc na spéiceas ann.[4]

Is gnáthóg thábhachtach é an loch do éanlaith fhiáin ag caitheamh an gheimhridh ann, go háirithe eala bhalbh, lacha mhásach agus lacha bhadánach. Faightear cearc cheannann Eoráiseach ann, chomh maith le líon níos lú d'éin sábháil is Foitheach mór, spágaire tonn agus mallard. Eitlíonn na héin sall is anall idir an loch seo agus Loch Síleann.[3]

Tá Loch Cinnéile laistigh den Limistéar faoi Chosaint Speisialta Loch Cinnéile agus Loch Dhoire Each.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuilleadh le léamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Christina Fredengren (2010). "Lough Kinale: Studies of an Irish Lake". Wordwell. 
  1. "Loch Cinnéile". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 27ú Nollaig 2015.
  2. Free, Gary; Little, Ruth; Tierney, Deirdre; Donnelly, Karol & Caroni, Rossana (2006). A Reference Based Typology and Ecological Assessment System for Irish Lakes (PDF) (Tuairisc). Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire). p. 12. Aisghafa 12 October 2022.
  3. 3.0 3.1 "Lough Kinale and Derragh Lough SPA". An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Dáta rochtana: 27ú Nollaig 2015.
  4. "Finea Angling Centre". Iascach Intíre Éireann. Dáta rochtana: 27ú Nollaig 2015.