Loch Cheis Charraigín
| Cineál | Murlach | |||
|---|---|---|---|---|
| Suíomh | ||||
| Limistéar riaracháin | Éire | |||
| ||||
Is loch fionnuisce méiseatrófach é Loch Cheis Charraigín, suite gar de tsráidbhaile Cheis Charraigín[1] i gContae Liatroma.
I gcoitinne, tá éiceolaíocht an locha agus uiscebhealaí eile faoi bhagairt fhoirgeachta le tím chatach, diúilicín riabhach agus breallach fionnuisce.[2][3]: 16
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Loch Cheis Charraigín taobh thiar de shráidbhaile Cheis Charraigín agus Loch an Scoir, i bparóiste Cill Tiobraid, i ndeisceart Chontae Liatroma. Ó thaobh bailte fearainn de, tá timpeall air: Ceis Charraigín agus An Charraig ó thuaidh, An Chluanaidh ó dheas, Leathchaoin siar, agus Tuamán soir.
Tá cruth dronuilleogach ag an loch, le hachar 0.39 km2 (0.2 sq mi) [4][5]: 23 agus doimhneacht go dtí 4 m (13.1 ft).[4] Tá leibhéal an locha chomh chothrom le Loch an Scoir. Tá sruthán 400 m (1,312.3 ft) ar fad a nascann an dá loch.[5]: 23
Éiceolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na n-iasc i Loch Cheis Charraigín, tá hibridí róiste-brain, róiste féin, péirse, bran féin (suas go 4 lb (1.8 kg).[4]) agus liús (ní gailliasc[2]) suas go 8 lb (3.6 kg).[4][4][6]
Piardóg
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá gnáthóg ar leith ag Loch Cheis Charraigín do phiardóg le bruacha tanaí carraigeacha.[7]: 39–40 Tuairiscítear sa bhliain 2009 go raibh pobal fásmhar phiardóg liathbhán ann.[7]: 66 Tá Rúraíocht an locha faoi bhagairt, áfach, ag foirgeacht diúilicín riabhach,[7]: 30 agus speicis piardóige neamh-dúchasacha á thabhairt go neamhshrianta isteach.[8]: 124
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "Ceis Charraigín, Baile fearainn, Co. Liatroma". townlands.ie.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Ceis Charraigín (baile fearainn)". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 8ú Iúil 2025.
- 1 2 "Genetic structure of pike (Esox lucius) reveals a complex and previously unrecognized colonization history of Ireland" (2014). Journal of Biogeography 41 (3): 548–560. doi:. PMID 25435649.
- ↑ Clenaghan, Conor; Clinton, Frank; Crowe, Matthew (2005). Phosphorus Regulations National Implementation Report (PDF) (Tuairisc). Environmental Protection Agency, Office of Environmental Enforcement.
- 1 2 3 4 5 anglingireland. "Satellite Pike Waters in the Ballinamore and Keshcarrigan area".
- 1 2 MacMahon, John (1845). Correspondance relative to the navigation between Lough Erne and the River Shannon (Tuairisc). Vol. 45 (Parliamentary Papers, House of Commons and Command ed.). H.M. Stationery Office.
- ↑ discoverireland.ie. "Coarse Angling Keshcarrigan".[nasc briste go buan]
- 1 2 3 O’Connor, William; Hayes, Gerard; O'Keeffe, Ciaran; Lynn, Deirdre (2007). Monitoring of white-clawed crayfish Austropotamobius pallipes in Irish lakes in 2007 (PDF) (Tuairisc). Vol. 37. Environment, Heritage and Local government.
- ↑ Reynolds, Julian D. (2011), Rees M; Nightingale J; Holdich DM (eds.), "White-Clawed Crayfish in Ireland - under increasing threat", Species Survival: Securing white-clawed crayfish in a changing environment., pp. 120–128
