Jump to content

Loch Charraig an Phoirt

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Charraig an Phoirt
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 01′ 48″ N, 7° 58′ 58″ O / 54.03°N,7.9828°W / 54.03; -7.9828

Is loch fionnuisce é Loch Charraig an Phoirt,[1][2]:173 suite i bparóiste Chill Tubraid, deisceart Chontae Liatroma.

Is láthair mór le rá é Loch Charraig an Phoirt mar iascach brain agus liúis.[3]:3

I gcoitinne, tá éiceolaíocht an locha agus uiscebhealaí eile faoi bhagairt fhoirgeachta le tím chatach, diúilicín riabhach agus breallach fionnuisce.[4][5]:16

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Loch Charraig an Phoirt suite laistiar de Dhroim Conga agus Loch an Scoir. Tá sé timpeallaithe ag na baile fearainn a leanas: Droim Bológ, Corrdhoire (Morton), Carraig an Phoirt, Mullach Uí Choileáin, Droim Conga agus Ros Cearbáin.

Tá cruth orláiste ag an loch, le hachar 0.46 square kilometres (0.2 sq mi),[6]:35[7] agus doimhneacht 7 metres (23.0 ft).[8] Tá leibhéal an locha tuairim is 30 cm (11.8 in) níos airde ná Loch an Scoir. Tá an dá loch nasctha le sruthán beag, 500 m (1,640.4 ft) ar fad, a shreabhadh trí Dhroim Conga.[7]:23

Tá an foshraith déanta as doirneog (70%), cloch (15%), grean (10%) agus gaineamh (5%).[9]:39–40

Éiceolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na n-iasc i Loch Charraig an Phoirt, tá hibridí róiste-brain, péirse, bran féin, róiste féin agus liús dúchasach (ní gailliasc[4]).[10]

Tá imeall an locha clúdaithe le giolcacha,[8] le fásra fiche fán gcéad de bhogshifín agus tím uisce.[9]:39–40

Sa bhliain 2003, tugadh rátáil méiseatrófach ar cháilíocht an uisce.[5][n 1]

I ndiaidh suirbhé sa bhliain 2007, áfach, tuairiscíodh go raibh cáilíocht uisce "mhíshásúil" sa loch, le truailliú Filamentous algae[9]:39–40 agus drich-fhoirgeacht diúilicín riabhach.[9]:66[4] Tá ann sa loch fosta an speiceas coimhthíoch, Elodea canadensis.[9]:39–40

Díothú piardóg

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá bruach tanaí carraigeach ag Loch Charraig an Phoirt, rud atá ina ghnáthóg mhaith le haghaidh piardóige liathbháine.[9]:39–40 Bhí a leithéid de phiardóg tráth, ach ní fuarthas sampla ar bith le linn suirbhé sa bhliain 2007.[9]:66 Agus diúilicín riabhach i láthair, ámh, ní fuarthas riamh piardóg ina theannta.[9]:30 Cúng maith le sin, tá piardóga Éireannacha faoi bhrú ó speicis neamh-dhúchasach.[11]:124

Caonach neamhchoitianta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Lúnasa 2000, fuarthas an caonach Weissia rostellata, neamhchoitianta i nÉirinn,[12]:5 ag fás faoi scáth i ndíog le beagán fásra in aice leis an loch.[12]:8

Fiadhúlra eile

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear an seilide abhann (Viviparus fasciatus) go forleathan sa cheantar, agus i dteannta sin míol borra.[9]:39–40

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. staideanna trófacha olagatrófach agus méiseatrófach inmhianaithe, ach cuireann rátálacha eotrófach nó hipeartrófach truailliú in iúl.[5]:8
  1. "Carraig an Phoirt". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 5ú Lúnasa 2015.
  2. Joyce, Patrick Weston (1913). "Irish names of places" 3.
  3. Leitrim Observer. "Drumcong jamboree and dancing carnival". Leitrim Observer. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 Feabhra 2017. Dáta rochtana: 29ú Eanáir 2017.
  4. 1 2 3 "Genetic structure of pike (Esox lucius) reveals a complex and previously unrecognized colonization history of Ireland" (2014). Journal of Biogeography 41 (3): 548–560. doi:10.1111/jbi.12220. PMID 25435649.
  5. 1 2 3 Clenaghan, Conor; Clinton, Frank; Crowe, Matthew (2005). Phosphorus Regulations National Implementation Report (PDF) (Tuairisc). Environmental Protection Agency, Office of Environmental Enforcement.
  6. Haug, Per Ivar (2011). "Gazetteer of Ireland, Til Opplysnin" 16. Hommelvik: UBiT, Universitetsbiblioteket i Trondheim.
  7. 1 2 MacMahon, John (1845). Correspondance relative to the navigation between Lough Erne and the River Shannon (Tuairisc). Vol. 45 (Parliamentary Papers, House of Commons and Command ed.). H.M. Stationery Office.
  8. 1 2 anglingireland. "Satellite Pike Waters in the Ballinamore and Keshcarrigan area".
  9. 1 2 3 4 5 6 7 8 9 O’Connor, William; Hayes, Gerard; O'Keeffe, Ciaran; Lynn, Deirdre (2007). Monitoring of white-clawed crayfish Austropotamobius pallipes in Irish lakes in 2007 (PDF) (Tuairisc). Vol. 37. Environment, Heritage and Local government.
  10. discoverireland.ie. "Coarse Angling Keshcarrigan".[nasc briste go buan]
  11. Reynolds, Julian D. (2011), Rees M; Nightingale J; Holdich DM (eds.), "White-Clawed Crayfish in Ireland - under increasing threat", Species Survival: Securing white-clawed crayfish in a changing environment., pp. 120–128
  12. 1 2 Holyoak, David Thomas (2006). Weissia rostellata (Brid) Lindb (PDF) (Tuairisc). Plantlife.