Loch Bhaile na hInse
| Cineál | Loch | |||
|---|---|---|---|---|
| Logainm.ie | 1166332 | |||
| Suíomh | ||||
| Limistéar riaracháin | Éire | |||
| ||||
Is loch fionnuisce é Loch Bhaile na hInse[1][2] suite i gConamara, Contae na Gaillimhe.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Loch Bhaile na hInse 4 km (2.5 mi) ar fad agus 1 km (0.6 mi) ar leithead. Tá sé tuairim is 10 km (6 mi) taobh thoir den of Chlochán agus 60 km (37 mi) siar ó thuaidh de chathair na Gaillimhe. Tá na Beanna Beola taobh ó thuaidh den loch, le Binn Leitrí dteach os a chionn. Tá Caisleán Bhaile na hInse suite ar an mbruach thiar.
Hidreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Soláthraítear Loch Bhaile na hInse ag Loch Dhoire an Chláir (é féin soláthraithe ag Loch Eidhneach), a ritheann isteach ar an taobh thoir. Ritheann sé amach ó dheas tríd an Abhainn Mhór — cé gur beag í; ar a nglaoitear fosta Abhainn Bhaile na hInse — a sreabhann i gCuan na Beirtrí Buí isteach.
Stair an dúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na n-iasc i Loch Bhaile na hInse tá bradán agus breac donn.[3] Tá an loch lastigh den Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Bheanna Beola/An Gharráin.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Loch Bhaile na hInse". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 27ú Nollaig 2015.
- ↑ Free, Gary; Little, Ruth; Tierney, Deirdre; Donnelly, Karol & Caroni, Rossana (2006). A Reference Based Typology and Ecological Assessment System for Irish Lakes (PDF) (Tuairisc). Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire). p. 10. Aisghafa 12 October 2022.
- ↑ "Ballynahinch and Lough Inagh". Iascach Intíre Éireann. Dáta rochtana: 15ú Meitheamh 2020.
- ↑ "The Twelve Bens/Garraun Complex SPA". Dáta rochtana: 27ú Nollaig 2015.
