Loch Bhaile Choille Fóir
| Cineál | Loch | |||
|---|---|---|---|---|
| Logainm.ie | 1411437 | |||
| Suíomh | ||||
| Limistéar riaracháin | Fíonach, Éire | |||
| ||||
Is loch fionnuisce méiseatrófach é Loch Bhaile Choille Fóir,[1] i gContae Liatroma, Éire. Aitheanta le haghaidh garbhiascaireachta, tá iascaireacht ón mbruach teoranta ag an loch. Tá éiceolaíocht Loch Bhaile Choille Fóir, agus uiscebhealaí contae eile, faoi bhagairt ag líobhógach Afracach, diúilicín riabhach, agus débhlaoscaigh fíoruisce.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Loch Bhaile Choille Fóir 3 chiliméadar soir ó Cheis Charraigín agus 4 chiliméadar siar ón sráidbhaile, Fíonach i ndeisceart Chontae Liatroma. Tá cruth claonta cóin ar an loch, achar dromchla de 0.3 ciliméadar cearnach agus doimhneacht go 6 mhéadar.[2][3]
Tá achar 0.3 chiliméadar cearnach ag an loch, agus doimhneacht go dtí 6 mhéadar (.[4][5]
Stair an dúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na n-iasc atá i Loch Bhaile Choille Fóir tá "hibridí róistí-brain", róistí, péirsí, brain, cúramáin, agus liúis. Is é an tréithchineál dúchasach Éireannach atá i lion na liús, ní an liús Eorpach eile, sé sin na gailléisc. Tá stoic na liús suas le 3.6 kg sa loch.
Lonnaíocht dhaonna
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Le linn na tréimhse réamhstairiúla, shocraigh lonnaitheoirí ina gcónaí i gcrannóg (b'fhéidir dhá chrannóg) ag ceann thoir an locha.[6]: xliii [7] Is iad na lonnaíochtaí daonna in aice le Loch Bhaile Choille Fóir ná sráidbhailte Ceis Charraigín agus Fíonach, agus na bailte fearainn An Gob Rua siar ó thuaidh, Cill Mhac Searbhaill ó thuaidh, An tEanach Dearg ó dheas, agus Léin an Ois soir ó dheas.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "Castlefore Electoral Division, Co. Leitrim". townlands.ie.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Loch Bhaile Choille Fóir". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 28ú Meitheamh 2025.
- ↑ anglingireland.
- ↑ Haug 2013, pp. 37.
- ↑ "Satellite Pike Waters in the Ballinamore and Castlefore area". anglingireland. Iascach Intíre Éireann. Dáta rochtana: 5ú Lúnasa 2015.
- ↑ Haug, Per Ivar. "Gazetteer of Ireland, Til Opplysning".
- ↑ Mulvany, W. T.; Fraser, William; Roberts, Samuel; Mulvany, Thomas J.; O'Flaherty, John (1852). Appendix No. V: Notices of Antiquities Presented to the Royal Irish Academy by W. T. Mulvany, Esq., M. R. I. A., on the Part of the Commissioners of Public Works. Proceedings of the Royal Irish Academy (Tuairisc). Vol. 5. Acadamh Ríoga na hÉireann. pp. xxxi–lxvi. JSTOR 20489812.
- ↑ Munro, Robert (1890). "The lake-dwellings of Europe: being the Rhind lectures in archaeology for 1888". Londain: Cassell & company, limited.
