Loch Bó Dearg
| Cineál | Loch | |||
|---|---|---|---|---|
| Suíomh | ||||
| Limistéar riaracháin | Éire | |||
| ||||
Tá Loch Bó Dearg[1] ar an Sionainn i gContaetha Ros Comáin agus Liotrama.
Cúr síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is mór ar an Sionainn é, le achar dromchla tuairim is 1,200 hectares (3,000 acres) aige.[2] Tá sé suite idir Cill Mhór, Contae Ros Comáin agus Eanach Duibh i gContae Liatroma.[3] Tá Doire Chairn, i seilbh na clainne Nesbitt sna luath-1800í, ar bhruach an locha.[4]
Tá Loch Bó Dearg scoite ó Loch Bó Finne le Caolas Dhoire Chairn.
Seanscéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá seanscéal ann a insítear conas a bhfuair an dá loch, Finne agus Dearg a n-ainmneacha.[5]
Fuarthas murúch san uisce agus tógadh í go dtí teach feirme in aice láimhe. Chun an comhar a íoc leis na daoine ag ucht a gcuid cineáltais, thuaidh di ag déanamh feasa dóibh. Thuar sí, dá gcuirfí ar agus san d uisce í ar Oíche Lá na Bealtaine, chúiteofaí iad an bhliain dár gcionn later. Rinne na daoine amhlaidh, agus tar éis bliana, d'fhill siad chonaic siad dhá bhó ag teacht as an uisce, ceann acu rua (dearg) agus ceann eile bán (finne).
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain Tuathal Teachtmhar úsáid as Loch Bó Dearg chun teorainn Ríocht na Mí ársa a chruthú:[6]
- Ó Loch Bó Dearg go Biorra,
- ó'n Sionainn soir go fairrge
Áineas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Loch Bó Dearg aitheanta mar iascach le haghaidh na n-iasc a leanas: bran, ruán, róiste, liús, eascann agus péirse.[2]
Tá an North Shannon Motor Yacht Club (NSMYC) lonnaithe ar Loch Bó Dearg.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Loch Bó Dearg". Placenames Database of Ireland (logainm.ie). An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Dáta rochtana: 14ú Márta 2020.
- 1 2 "Lough Boderg". Fishing in Ireland. Dáta rochtana: 28ú Márta 2020.
- ↑ "Local Events of Long Ago - Lough Boderg Regatta". Dáta rochtana: 28ú Márta 2020.
- ↑ "Derrycarne". Coillte. Dáta rochtana: 28ú Márta 2020.
- ↑ "Lough Bofin and Lough Boderg". Ask About Ireland. Dáta rochtana: 28ú Márta 2020.
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, An treas alt, Do mhionroinn ar an Mídhe
- ↑ "North Shannon Motor Yacht Club". North Shannon Motor Yacht Club. Dáta rochtana: 28ú Márta 2020.
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
