Jump to content

Loc Albert

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoc Albert
Íomhá
CineálLoc Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAlbert, Céile an Bhanphrionsa Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Toisí30 (leithead) × 102 (fad) ft

Is loc canála ar Chanáil Chill Srianáin é Loc Albert (Béarla: Albert Lock).[1] Téann an chanáil timpeall ar sraith neamh-inseolta ar an Sionainn idir Droim ar Snámh agus Baile Shéamais, Contae Liotrama. Tá an chanáil agus an loc féin i gContae Ros Comáin.

Is é méid an loic ná 102 feet (31 m) x 30 feet (9.1 m).[2] Tógadh an loc ag na Shannon Commissioners sa bhliain 1848 mar chuid d'oibreacha níos leithne ar Sheolbhealach na Sionnaine.[3]

Díreach os comhair an loic, tá lochán darb ainm Lough Nanoge.[4][n 1]

Stádas cosanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an loc liostaithe ag Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta (seirbhís foráilte ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán) faoina catagóirí ailtireachta, sóisialta agus ábhar suime teicniúil.[3] Tá idir an chanáil agus an loc le fáil sa Taifead ar Dhéanmhais Chosanta (tag. 01200548).[5][6]

  1. Loch na nÓg as Gaeilge, is dócha.
  1. Loc Albert ag an bunachar Logainm.ie
  2. "IWAI - Shannon Locks and Bridges". iwai.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-03-28. Dáta rochtana: 2013-05-21.
  3. 1 2 "Albert Lock, County Roscommon: Buildings of Ireland: National Inventory of Architectural Heritage". buildingsofireland.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-04. Dáta rochtana: 2013-05-21.
  4. "Lough Nanoge". logainm.ie. Dáta rochtana: 2025-06-16.[nasc briste go buan]
  5. "Protected structures". Citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2013-05-21.
  6. "Record of Protected Structures, County Roscommon". County Development Plan 2008-2014 and Variations. Comhairle Contae Ros Comáin. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-01-31. Dáta rochtana: 2025-06-14.