Lítsí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Litsí)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLítsí
Litchi chinensis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo delítsí Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdSapindales
FineSapindaceae
GéineasLitchi
SpeiceasLitchi chinensis Cuir in eagar ar Wikidata
Sonn., 1782
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Euphoria litchi
Litchi sinensis Cuir in eagar ar Wikidata

Crann síorghlas atá dúchasach don tSín is ea an litsí (Litchi chinensis).[1] Na duilleoga cleiteach, na bláthanna bán réaltach. An toradh inite 2.5-4 cm ar fhad, ubhchruthach le craiceann tanaí faithneach cranrach dearg/donn a chlúdaíonn aral eabhartha mhéith agus síol aonair snasta donn le laíon bán milis timpeall air. Blas an arail inite rud éigin idir blas fíonchaor is mealbhacháin.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Litchi chinensis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-27.
  2. Hussey, Matt (2011). "Litsí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 414.