Lionsa súil éisc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dearadh ar leith lionsa, le taobh tosaigh mór cuarach, cosúil le súil éisc. Bíonn uillinn an-mhór radhairc aige, suas le 180° nó fiú 220°. Is féidir é seo a dhéanamh trí fhaillí a dhéanamh i gceartú optúil don díchumadh cuarlíneach sa lionsa, ionas go mbíonn línte san íomhá shainiúil cuartha go láidir in ionad a bheith díreach. Baineann úrnuacht leis na híomhánna, agus bíonn feidhmeanna acu san eolaíocht, in íomhanna de na scamaill sa spéir iomlán, mar shampla.