Lionel d'Anvers

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLionel d'Anvers

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Lionel of Antwerp, 1st Duke of Clarence
Beathaisnéis
Breith29 Samhain 1338
Antuairp Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Deireadh Fómhair 1368
29 bliana d'aois
Alba Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaClare Priory (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fear Ionaid na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm mhíleata
CoinbhleachtCogadh Céad Bliain
Eile
Teideal uasalDiúc Clarence Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach na bPlantaigíneach Cuir in eagar ar Wikidata
CéileEilís de Búrca, 4ú Chuntaois Uladh (1342 (Féilire Ghréagóra)–)
Violante Visconti (1368 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáistePhilippa, 5ú Cuntaois Uladh
 ( Eilís de Búrca, 4ú Chuntaois Uladh) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairÉadbhard III Shasana  agus Philippa de Hainault
SiblínMargaret, Cuntaois Pembroke, Mary Waltham, Joan Shasana, Isabella de Coucy, Edward, an Prionsa Dubh, John Gaunt, Edmund Langley, Céad Diúc Eabhrac agus Thomas Woodstock, Céad Diúc Gloucester
Gradam a fuarthas


Find a Grave: 16607768 Cuir in eagar ar Wikidata
Rítheaghlach na Plantagenet Armas Lionel d'Anvers

Ba é Lionel d'Anvers (nó Antwerp nó AntuairpLionel Antuairpe as Gaeilge), Iarla Uladh, 'leasrí' ar Éirinn agus Diúc Chlarence (29 Samhain 13387 Deireadh Fómhair 1368) an tríú mac (ach an dara duine acu a mhair slán) ag Éadbhard III, Rí Shasana agus Philippa de Hainault.

Dealbh (19ú haois) san abtheach Westminster

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Lionel in Antuairp. Bhí sé geallta nuair a bhí sé fós ina leanbh. Bhí sé luaite le Elizabeth de Burgh, 4ú Chuntaois Uladh.[1] Ba é William Donn de Burgh, 3ú Iarla Uladh athair Elizabeth. Bhí sí ina bhanoidhre ar a eastát. Ach ghlac Lionel féin 'seilbh' ar eastát Elizabeth in Éirinn sa bhliain 1347 (in aois 9 dó ag an am) agus glaodh "Iarla Uladh" air.

Phós Elizabeth agus Lionel sa bhliain 1352 (bhí Lionel 14 bliain d'aois ag an am).

Tar éis dó a bheith ainmnithe mar ionadaí a athair i Sasana sa bhliain 1346, bhí Lionel comhcheangailte leis an sluaíocht chun na Fraince sa bhliain 1355 (17 bliain d'aois).

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí rí Shasana, Éadbhard III, buartha nach mbeadh na Normannaigh in Éirinn, na sean-Ghaill, dílis dó.[2] Chonaic sé go raibh siad ag éirí an-Ghaelach. Mar sin, chuir sé a mhac go hÉirinn. Ceapadh Lionel ina 'ghobharnóir', nó 'leasrí',[2] ar Éirinn sa bhliain 1361 agus tháinig sé i dtír i mBaile Átha Cliath go gairid ina dhiaidh sin.

Bhí a athair, ag an am céanna, i mbun iarrachtaí, gan toradh, coróin na hAlban a aimsiú dó. I mí na Samhna 1362, ceapadh é mar 'Diúc Chlarence'.

D'éag bean chéile Lionel i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1363. Ach d'fhág sí iníon ina diaidh, Philippa[3] (a d'éiriegh níos déanaí mar chuid den ríchathaoir Theach Eabhrach; Béarla: House of York).

Bhí iarrachtaí Lionel an tír a neartú is a athbhunú measartha rathúil. D'eagraigh sé parlaimint i gCill Chainnigh, a rith Reachtanna Chill Chainnigh sa bhliain 1366.

Ansin d'fhill Lionel ar ais go Sasana.[2] Socraíodh cleamhnas idir Lionel agus Violante Visconti san Iodáil; misean taidhleoireachta ollmhór agus uile-Eorpach a bhí ann, a thóg dhá bhliain chun ullmhú. Síníodh an gealltanas pósta i Londain i mí Aibreáin 1368.

Galeazzo II Visconti

Pósadh agus bás san Iodáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 28 Bealtaine 1368, i Milano a phós Lionel agus Violante Visconti. Girseach ghalánta a bhí inti, 13 nó 15 bliain d'aois ag an am (c. 1353/1355 - Samhain 1386)[4] agus iníon tiarna Pavia agus Milano, Galeazzo Visconti.

Slua mór aíonna a bhí ann. bhí bainis acu a raibh maithe agus móruaisle na hEoroa uirthi, mar shampla, Geoffrey Chaucer, Petrarch, agus Jean Froissart. Bhí go leor éirí in airde ag baint leis an ócáid agus rachmas sómhar le feiceáil.[5]

D'fhan Lionel san Iodáil, ag cóisireacht agus d'éirigh sé ina   bhuachaill báire is cosúil.[5] Cúpla mí níos déanaí, fuair sé bás in Alba na hIodáile. Bhí tuairimíocht ann, cé nach bhfuil fianaise ar bith ann, gur nimhíodh é (agus fiú go raibh athair a chéile Galeazzo páirteach sa ghníomh. Ach tá an tuairim sin dochreidte, mar ní raibh spéis ar bith aige i mbás Lionel, a mhalairt ar fad).[5]

Bhí putóg Lionel curtha i Pavia, socrú a d'iarr Lionel ina uacht agus tiomna deiridh. Bhí croí Lionel agus a chuid cnámh adhlactha sa phrióireacht Clare i Suffolk.[5][6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Elizabeth de Burgh, 4th Countess of Ulster" (as en) (2021-09-12). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 2.2 Máire Ní Ghallcobhair. "Siiúl Siar 3". Dáta rochtana: 2021.
  3. "Philippa, 5th Countess of Ulster" (as en) (2021-08-19). Wikipedia. 
  4. "Violante Visconti" (as en) (2021-09-03). Wikipedia. 
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 Michael L. Nash (2019). "The History and Politics of Exhumation (lch 119, 123 srl)" (as en-gb) (springer.com). doi:10.1007/978-3-030-24047-9. [nasc briste go buan]
  6. "Lionel of Antwerp – History… the interesting bits!" (en). History... the interesting bits!. Dáta rochtana: 2021-10-07.