Liogann theitridhéadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lioganna a cheanglaíonn le ceithre deon-adamh go dtí adamh lárnach chun coimpléasc comhordanáidithe a dhéanamh is ea lioganna teitridhéadacha. Tugtar déadacht ar líon na ndeon-adamh seo a cheanglaíonn agus is bealach é chun lioganna a aicmiú. Tá lioganna teitridhéadacha coitianta sa nádúr i bhfoirm clóraifill a bhfuil croí-liogann ar a dtugtar clóirin, agus haem le croí-liogann ar a dtugtar porfairin. Cuireann siad cuid mhaith den dath a fheictear i bplandaí agus i ndaoine. Is liogann theitridhéadach shaorga mhacrafháinneach é tailichiainín a úsáidtear chun líocha gorma agus glasa a dhéanamh.

Cruth[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir lioganna teitridhéadacha a aicmiú de réir toipeolaíochta na nasc idir na deon-adaimh. Tá foirmeacha líneacha coitianta (ar a dtugtar seicheamhach freisin), fáinneacha nó tríchosacha. Tá ceithre chos ag liogann theitreachosach atá teitridhéadach freisin le deon-adaimh, agus ceann droichid nach deontóir é. Ar cheangal le hadamh lárnach tá roinnt socruithe ann ar a dtugtar isiméirí gheoiméadracha.

Lioganna líneacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na ceithre deon-adamh i líne ag liogann teitridhéadach, gach deon-adamh ina dhiaidh sin ceangailte le ceann de thrí dhroichead.

Ní féidir le liogann líneach teitridhéadach atá ceangailte le miotail i gchomhordúchán teitridhéadach ceangal ach ar bhealach amháin. Má tá an liogann neamhshiméadrach ansin tá dhá shocrú ciriúil ann.

Liogann líneach teitridhéadach ceangailte le miotail i gchomhordúchán cearnphlánach ar bhealach amháin. Is ionann socruithe tuathalacha nó ar deiseal.

Lioganna líneacha i gchomhordúchán ochtaihéidreach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liogann teitridhéadach líneach i dtrí isiméir sa cholún ar thaobh na láimhe deise. Ó bhun go barr α, β, trasach

Tá deon-adaimh na liogainne líní teitridhéadaí socraithe ar feadh nó i slabhra, ionas go gcaithfidh gach deon-adamh cóngarach a bheith cóngarach don adamh lárnach. Tá trí thoradh steiréicheimiceach de bharr an tsocraithe seo. Is féidir leis na ceithre dheonghrúpa a bheith comhchothromach (co-equatorial sa Bhéarla). Tugtar 'trasach' (trans sa Bhéarla) ar an gheoiméadracht seo toisc go bhfuil na suíomhanna neamhshealbhaithe atá fágtha ar an ochtaihéidrón urchomhaireach don dá thaobh. [1][2][3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Schneider, Peter W.; Collman, James P. (October 1968). "Complexes of cobalt(III) with the two isomeric diethylenetriamineacetic acids". Inorganic Chemistry. 7 (10): 2010–2015
  2. Bautista, Maria Teresa; Earl, Kelly Anne; Maltby, Patricia Anne; Morris, Robert Harold; Schweitzer, Caroline Theresia (March 1994). "New dihydrogen complexes: the synthesis and spectroscopic properties of iron(II), ruthenium(II), and osmium(II) complexes containing the meso-tetraphos-1 ligand". Canadian Journal of Chemistry. 72 (3): 547–560
  3. Sloan, Thomas E.; Busch, Daryle H. (27 May 1980). "Stereochemical Description and Notation for Coordination Systems". Stereochemistry of Optically Active Transition Metal Compounds. p. 401