Lindsay Hoyle
Is polaiteoir Sasanach é an Ridire Lindsay Hoyle. Bhí sé ar an gcomhairleoir ab óige riamh a rinne seirbhís do Chorley nuair a toghadh é i 1980 in aois a 22 bhliain dó. Ceapadh ina Leas-Cheannaire ar Chomhairle Chorley dá éis sin é, agus bhí sé ina Mhéara ar Chorley ansin ó 1997 go dtí 1998. Chuir an pholaitíocht áitiúil faobhar chun gnímh air agus is í a thug air seasamh san olltoghchán inar bhuaigh sé suíochán Chorley in 1997 – an chéad Fheisire Parlaiminte de chuid Pháirtí an Lucht Oibre a toghadh chun ionadaíocht a dhéanamh don toghcheantar le 18 mbliana.
Sa Pharlaimint dó, tá tamaill tugtha ag Lindsay ar an Roghchoiste um Thrádáil agus Tionsclaíocht (Béarla: Trade & Industry Select Committee) agus ar an gCoiste um Ghrinnscrúdú Eorpach (Béarla: European Scrutiny Committee) – agus in 2010, thogh comh-Fheisirí Parlaiminte dá chuid chun post an Leas-Spéicéara agus Cathaoirleach an Choiste um Bealaí agus Modhanna (Béarla: Chairman of Ways and Means) é.
Toghadh Lindsay ina Spéicéir (Ceann Comhairle) an 4 Samhain 2019. Ina Choirnéal Oinigh de Reisimint Liachta 3 dó, tugann Lindsay tacaíocht dhíocasach d'Fhórsaí Armtha na Breataine Móire agus labhraíonn go láidir ar a son. Ardtosaíocht eile atá aige le linn dó a bheith ina Spéicéir ná neartú agus athnuachan a dhéanamh ar na ceangail atá ag RA le grúpa náisiún an Chomhlathais agus leis na Críocha Briotanacha Thar Lear.