Jump to content

Linda Yaccarino

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLinda Yaccarino

(2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Samhain 1963
62 bliana d'aois
Long Island (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Príomhoifigeach feidhmiúcháin X Corp.
5 Meitheamh 2023 – 2025
 Elon Musk Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Iodálacha
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síDonald P. Bellisario College of Communications (en) Aistrigh
Ollscoil Stáit Pennsylvania
Ollscoil Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpríomhoifigeach feidhmiúcháin Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirTwitter (20232025)
X Corp. (2023)
NBCUniversal (20112023)
Turner Entertainment (en) Aistrigh (19962011) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Ad Council (en) Aistrigh (2014–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
20 Eanáir 2020Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2020
22 Eanáir 2019Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2019
23 Eanáir 2018Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2018 Cuir in eagar ar Wikidata


X: lindayaX Instagram: lindayacc Threads: lindayacc LinkedIn: lindayaccarino Cuir in eagar ar Wikidata

Feidhmeannach meán Meiriceánach is ea Linda Yaccarino (rugadh 21 Nollaig, 1963). Bí sí mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin (POF) ag X Corp ó Mheitheamh 2023 go Iúil 2025 agus mar chathaoirleach ar fhógraíocht dhomhanda agus comhpháirtíochtaí ag NBCUniversal ó 2011 go 2023.

Luathshaol angus oideachas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Yaccarino i nDeer Park, Nua-Eabhrac, [1] áit a raibh a hathair ina cheannasaí cúnta póilíní, agus a máthair ina státseirbhíseach. [2] Tá beirt deirfiúracha ag Yaccarino; is cúpla aici ceann acu. [2] Bhain sí céim bhaitsiléara amach i dteileachumarsáid ó Choláiste Cumarsáide Donald P. Bellisario in Ollscoil Stáit Pennsylvania sa bhliain 1985. [3]

Feidhmeannach díolacháin fógraíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’oibrigh Yaccarino ag Turner Entertainment ar feadh 15 bliana, áit a raibh sí ina leas-uachtarán feidhmiúcháin agus ina príomhoifigeach oibríochta . Tá sí luaite as straitéisí díolacháin fógraí na cuideachta a nuachóiriú. [4] [5] Ag Turner, rinne sí idirbheartaíocht ar chomhaontuithe fógraíochta maidir le hathchraoladh seó grinn déanach san oíche le Conan O'Brien . [2]

Chuaigh Yaccarino isteach in NBCUniversal i mí Dheireadh Fómhair 2011, [4] arna fhostú ag Steve Burke, a bhí an uair sin ina POF. [2] Mar cheannasaí ar dhíolacháin fógraíochta NBCUniversal, bhí sí i gceannas ar roinn ina raibh breis is 2,000 duine, agus bhí ról lárnach aici i seoladh na seirbhísí sruthacha Peacock . [6] [7] Nuair a thosaigh Burke ag pleanáil éirí as a phost mar POF, bhí Yaccarino tar éis iarraidh a bheith ina comharba air, ach níor roghnaíodh í. [2] Cé gur mhol fógróirí í agus gur aithníodh í mar dhíoltóir díograiseach, dúirt comhghleacaithe óna tréimhse ag NBCUniversal go raibh a tréimhse "marked by instability," , agus gur chruthaigh ath-eagrúcháin iomadúla meath i gcultúr na roinne. [8]

Yaccarino sa bhliain 2014

Chuaigh Yaccarino isteach sa "Ad Council" sa bhliain 2014. Ghlac Yaccarino post mar cathaoirleach ar bhord stiúrthóirí an Ad Council i mí Eanáir 2021, ar feadh téarma a mhair go dtí an 30 Meitheamh, 2022. [9] Mar chathaoirleach; sa bhliain 2021 chuaigh Yaccarino i gcomhpháirtíocht le riarachán Biden chun feachtas vacsaínithe COVID-19 a chruthú a raibh an Pápa Proinsias páirteach ann. [10]

Sa bhliain 2018, cheap an tUachtarán Donald Trump í chuig Comhairle an Uachtaráin ar Spóirt, Aclaíocht agus Cothú . [11]

Agus í ag obair le NBCUniversal, mar thoradh ar phlé fógraíochta le Netflix mhol Netflix di post a ghlacadh ag bainistiú díolacháin fógraí le Netflix, ach ní dheachaigh sé i bhfad agus spreag sé í chun athrú gairme a ghlacadh, dar le beirt dá hiar-chomhghleacaithe dar le beirt dá hiar-chomhghleacaithe. [2]

Yaccarino sa bhliain 2024

Bhí spéis léirithe ag Yaccarino i Twitter le fada an lá, [12] agus bhí sí ina ball de " "Influence Council" na cuideachta, a raibh fógróirí ag tabhairt comhairle don chuideachta maidir le margaí branda. [2] Ar thrí ócáid agus í ag obair ag NBCUniversal, mhol Yaccarino go gceannódh feidhmeannaigh Comcast Twitter go hiomlán. Níor tháinig aon chomhaontú as na cainteanna luath faoi thairiscint a d’fhéadfadh a bheith $3 billiún. [13] Tar éis d’ Elon Musk Twitter a fháil, gheall Yaccarino dó go leanfadh NBCUniversal ag fógraíocht ar an líonra sóisialta, de réir daoine a bhfuil cur amach acu ar na comhráite. [2]

Go luath sa bhliain 2023, bhí Yaccarino agus Musk ag plé an fhéidearthacht go gceannóidh NBCUniversal spás fógraíochta Super Bowl ar Twitter; rud a d’fhág go raibh cumarsáid níos minice idir an bheirt acu. [2] Thug sí cuireadh dó labhairt ag ócáid fógraíochta i mí Aibreáin na bliana sin. [2]

Príomhoifigeach feidhmiúcháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’éirigh Yaccarino as NBCUniversal ar an 12 Bealtaine 2023, agus ar an lá céanna, d’fhógair Musk go mbeadh Yaccarino ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin nua ar X Corp. agus X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo) . [14] Bhí Yaccarino ag ullmhú le haghaidh cur i láthair tosaigh, agus níor inis sí d'aon chomhoibrithe go raibh sí ag imeacht. [2] Rinneadh POF nua de Twitter di ar 6 Meitheamh, 2023. [2]

Rinne Fortune agus The New Republic cur síos ar Yaccarino mar iar-cheapachán de chuid Trump, a leanann roinnt teoiricithe comhcheilge agus cuntas go mór ar an eite dheis ar Twitter. [15] Nuair a ceapadh í, thug an Financial Times faoi deara gur tharraing obair Yaccarino roimhe seo leis an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda (WEF) frithfhreagairt ó roinnt "more conspiracy-minded Musk fans" a raibh easpa muiníne acu in eagraíochtaí polaitiúla idirnáisiúnta. Dúirt Musk, criticeoir géar ar an WEF, nach ndéanfadh naisc Yaccarino leis an eagraíocht dochar dá thiomantas féinfhógartha don tsaoirse cainte ar Twitter. [16]

Nuair a ceapadh í, bhí imní ar shaineolaithe go mbeadh ról Yaccarino ina shampla den aill ghloine. Dúirt Yaccarino gur chuir an tuiscint nár thuill sí a ról brón uirthi, ag rá "I literally went to the business world not even knowing being a woman was a thing.". [13]

Bhí Yaccarino sa 58ú háit ar liosta Fortune de na Mná is Cumhachtaí i 2023, ag tabhairt faoi deara go raibh na naisc aici a bhí riachtanach chun caidrimh X a dheisiú, ach chuir Fortune ceist an é Musk fós a "pulled the strings.". [17] Liostáil Fortune Yaccarino freisin mar cheann de na POFanna a raibh an streachailt is mó acu i 2023, ag scríobh go bhfuil an chuma ar an scéal " (it) seems either unable or unwilling to restrain her boss from his worst impulses while failing to reassure advertisers that all is under control.." [18]

Ar an 9 Iúil 2025, d’fhógair Yaccarino a héirí as oifig ó X. Níor thug sí cúis lena himeacht. [19]

Faoi cheannaireacht Musk agus Yaccarino, tá méadú tagtha ar an bhfuathchaint ar an ardán, [20] [21] a thug ar chuideachtaí fógraíocht a chur ar fionraí. [22] Thug an "Center for Countering Digital Hate" (CCDH) rabhadh príobháideach do Yaccarino i mí an Mheithimh 2023 faoi mhéadú an bhfuathchaint agus maoiniú daoine fuafara. [2] Tar éis neamhaird a dhéanamh air, d’fhoilsigh an CCDH a chuid taighde a léirigh méadú ar an bhfuathchaint agus ar mhífhaisnéis; mhol Yaccarino do Musk do Twitter an dlí a chur ar CCDH, rud a rinne siad i mí Iúil na bliana sin. [2] I mí na Samhna, tar éis do Musk ráitis a dhéanamh a thacaigh le teoiric chomhcheilge frith-Sheimíteach, chuir roinnt cuideachtaí, lena n-áirítear iar-fhostóir Yaccarino, Comcast, sos ar a bhfógraíocht le X. [23] Chuir Yaccarino an sos san fhógraíocht i leith tuarascáil ó Media Matters for America, a mhaígh gur tháinig fógraí ar X ó chorparáidí móra in éineacht le hábhar ó náisiúnaithe geala agus na Naitsithe, seachas i leith tuairimí Musk; i ríomhphost ar fud na cuideachta, dúirt Yaccarino go raibh an t-alt "misleading and manipulated."[24][25] i lár na conspóide, d'áitigh roinnt feidhmeannach fógraíochta, cairde ina measc go príobháideach ar Yaccarino éirí as [26]"

tuarascála ó Media Matters for America a mhaígh go raibh fógraí ar X ó chorparáidí móra le feiceáil in aice le hábhar náisiúnach bán agus Naitsíoch, seachas ráitis Musk; i ríomhphost chuig an gcuideachta ar fad, dúirt Yaccarino go raibh an t-alt "míthreorach agus ionramháilte." [27] [28] I measc na conspóide, d'áitigh roinnt feidhmeannach fógraíochta, lena n-áirítear cairde, go príobháideach ar Yaccarino éirí as a phost. [29]

Thacaigh Yaccarino go poiblí le cás dlí X i gcoinne Media Matters, ag postáil ar X, "You know I'm committed to truth and fairness. Here's the truth. Not a single authentic user on X saw IBM's, Comcast's, or Oracle's ads next to the content in Media Matters' article." [30] Ag cruinniú cuideachta, nuair a fiafraíodh di cad ba mhaith léi a bheith mar thoradh ar an gcás dlí, d'fhreagair Yaccarino, "the validation that Media Matters, unfortunately, manipulates, in this case, not just advertisers, but people in general." [31]

I mí na Samhna 2023, cuireadh toghairm ar Yaccarino ag painéal de chuid Seanad na Stát Aontaithe chun fianaise a thabhairt ag éisteacht faoi shábháilteacht leanaí ar líne. [32]

I mí an Mheithimh 2024, thuairiscigh an Financial Times "growing tensions between Musk and Yaccarino", agus Musk "ag cur brú uirthi chun ioncam a mhéadú agus a costais a ísliú". [33] [34]

I mí Lúnasa 2024, d’fhógair Yaccarino go raibh cás dlí in aghaidh trustaí comhdaithe ag X i gcoinne an Global Alliance for Responsible Media (GARM), a bunaíodh i 2019, leis an aidhm shonraithe a chinntiú nach raibh brandaí fógróirí "associated with harmful content," as baghcat fógraíochta ‘mídhleathach’ a eagrú i gcoinne X. Laethanta tar éis an cás dlí a chomhdú, d’fhógair GARM gur scoir sé dá ghníomhaíochtaí toisc gur “dhraenáil an cás dlí a acmhainní agus a chuid airgeadais go suntasach.” [35] [36] [37]

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail Yaccarino agus a fear céile, Claude Madrazo, le chéile go gairid i ndiaidh di céim a bhaint amach i 1985. [2] Tá beirt pháistí acu, duine acu a d'oibrigh ag X, [2] agus garpháiste amháin. Tá cónaí orthu i Sea Cliff, Nua-Eabhrac . [38] [13] Is Caitliceach Rómhánach í. [39]

  1. Guthrie (May 6, 2016). TV Upfronts: NBCUniversal Ad Sales Chief Talks TV's 'Measurement Crisis' (Q&A) – The Hollywood Reporter”. Hollywoodreporter.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 12, 2023. Dáta rochtana: May 12, 2023.
  2. 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". The New York Times. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":1" defined multiple times with different content.
  3. DiSanto (May 12, 2023). Twitter's next CEO is a Penn State graduate. Check out her career highlights, background”. Centre Daily Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar September 29, 2023. Dáta rochtana: May 12, 2023.
  4. 1 2 Nellie Andreeva (October 31, 2011). Turner's Linda Yaccarino Named President of Cable/Digital Ad Sales For NBCUniversal – Deadline”. Deadline Hollywood. Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 11, 2023. Dáta rochtana: May 12, 2023. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "deadline" defined multiple times with different content.
  5. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (en). Reuters. Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 12, 2023.
  6. "NBCUniversal’s Linda Yaccarino Is in Talks to Become Twitter CEO" (as en-us) . The Wall Street Journal. ISSN 0099-9660. Wikidata Q118304293.
  7. Corse (2023-11-07). WSJ News Exclusive | X's Elon Musk Hired a CEO With TV Roots. She's Showing Them. (en-US). WSJ. Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 3, 2024. Dáta rochtana: 2023-11-07.
  8. Masters (2023-11-29). Linda Yaccarino's Very Unmerry X Mess (en-US). The Hollywood Reporter. Cartlannaíodh an bunleathanach ar February 3, 2024. Dáta rochtana: 2023-11-30.
  9. Dade Hayes (January 6, 2021). NBCU Ad Chief Linda Yaccarino Named Chair Of Ad Council's Board Of Directors – Deadline”. Deadline Hollywood. Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 12, 2023. Dáta rochtana: May 12, 2023.
  10. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (en-US). Washington Post. Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 13, 2023.
  11. Lynch (May 4, 2018). Trump Names NBCU's Linda Yaccarino to the President's Council on Sports, Fitness and Nutrition”. adweek.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 11, 2023. Dáta rochtana: May 11, 2023.
  12. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (en-US). The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar March 26, 2024.
  13. 1 2 3 Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". Financial Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 13, 2024. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":0" defined multiple times with different content.
  14. Lillian Rizzo (May 12, 2023). Elon Musk confirms Twitter CEO hire: Linda Yaccarino”. Cnbc.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 12, 2023. Dáta rochtana: May 12, 2023.
  15. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". Cartlannaíodh an bunleathanach ar August 5, 2023.
  16. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". Financial Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 13, 2023.
  17. Linda Yaccarino | 2023 Most Powerful Women (en). Fortune. Dáta rochtana: 2025-02-26.
  18. Biggest CEO successes and setbacks: 2023's triumphs and 2024's challenges (en). Fortune. Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 16, 2024. Dáta rochtana: 2024-01-05.
  19. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (en). CNBC.
  20. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar October 16, 2023.
  21. Why is Elon Musk's Twitter takeover increasing hate speech? (en-US). Brookings. Cartlannaíodh an bunleathanach ar December 29, 2023. Dáta rochtana: 2023-11-25.
  22. Duffy (2023-08-17). Two brands suspend advertising on X after their ads appeared next to pro-Nazi content”. CNN. Cartlannaíodh an bunleathanach ar August 19, 2023. Dáta rochtana: 2023-09-07.
  23. Acton (November 18, 2023). Apple and Disney join advertiser exodus from Elon Musk's X”. Financial Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar December 25, 2023. Dáta rochtana: 19 November 2023.
  24. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". The New York Times.
  25. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (en).
  26. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". Financial Times.
  27. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar November 27, 2023.
  28. Nguyen (2023-11-20). Linda Yaccarino: advertisers fleeing from X are just "temporarily paused investments" (en). The Verge. Cartlannaíodh an bunleathanach ar February 1, 2024. Dáta rochtana: 2023-11-25.
  29. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". Financial Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar December 22, 2023.
  30. Fung (November 20, 2023). Elon Musk's X sues media watchdog Media Matters over report on pro-Nazi content on the social media site”. CNN. Cartlannaíodh an bunleathanach ar November 28, 2023. Dáta rochtana: 21 November 2023.
  31. Robison (November 20, 2023). Inside Linda Yaccarino's X all-hands after Elon Musk's platform sues Media Matters: 'By all means, put your heads together to bring new revenue into the company'”. Fortune. Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 5, 2024. Dáta rochtana: November 21, 2023.
  32. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (en-US). Washington Post. Cartlannaíodh an bunleathanach ar February 2, 2024.
  33. Murphy (June 23, 2024). Linda Yaccarino shakes up X amid pressure from Elon Musk over costs”. Financial Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar June 24, 2024. Dáta rochtana: June 24, 2024.
  34. Conger (June 13, 2024). At X Staff Meetings, Executives Talk Up Return of Advertisers”. New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar June 24, 2024. Dáta rochtana: June 24, 2024.
  35. Duffy (2024-08-09). Elon Musk's X just sued a nonprofit advertising group out of existence | CNN Business (en). CNN. Dáta rochtana: 2024-08-22.
  36. Thomas Barrabi (9 August 2024). Global Alliance for Responsible Media shuts down after Elon Musk's X files antitrust suit over censorship”. New York Post. Dáta rochtana: 16 August 2024.
  37. O'Reilly. The Global Alliance for Responsible Media is 'discontinuing' after Elon Musk's X filed an antitrust lawsuit against it (en-US). Business Insider. Dáta rochtana: 2024-08-22.
  38. Anderson (May 12, 2023). What to know about Twitter's new CEO Linda Yaccarino”. Associated Press. Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 13, 2023. Dáta rochtana: May 12, 2023.
  39. Robison (May 14, 2023). Can Linda Yaccorino keep Elon Musk on a tight enough leash to succeed? (en). Fortune. Cartlannaíodh an bunleathanach ar November 7, 2023. Dáta rochtana: 2023-09-29.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]