Lin-Manuel Miranda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLin-Manuel Miranda

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Eanáir 1980
44 bliana d'aois
Manhattan, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Wesleyan
Ardscoil Choláiste Hunter Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheManhattan
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir, amhránaí, stiúrthóir drámaíochta, cumadóir amhrán, aistritheoir, leabhrógaí, drámadóir, aisteoir stáitse, rapálaí, liriceoir, aisteoir, stiúrthóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2005 –
Ball de
SeánraCeoldráma
TeangachaBéarla agus an Spáinnis
Cineál guthaTeanóir

UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilWalt Disney Records Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileVanessa Nadal (2010–) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinlinmanuel.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0592135 Rottentomatoes: celebrity/linmanuel_miranda TV.com: people/lin-manuel-miranda-1 IBDB: 459893
Facebook: Lin-Manuel-Miranda-156195014444203 Twitter: Lin_Manuel Spotify: 4aXXDj9aZnlshx7mzj3W1N Last fm: Lin‐Manuel+Miranda Musicbrainz: 925c7673-0e85-410f-b7e4-d9705a7aa619 Songkick: 5006533 Discogs: 2062276 Allmusic: mn0002352205 Deezer: 1545788 Cuir in eagar ar Wikidata

Is cumadóir, liriceoir, drámadóir agus aisteoir Meiriceánach é Lin-Manuel Miranda.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Lin-Manuel Miranda i Nua-Eabhrac i 1980.  Ba síceolaí cliniciúil a mháthair agus ba pholaiteoir a athair.  Tá deirfiúr aige.  Luz is ainm di.  Gach bliain chaith Miranda mí amháin lena sheantuismitheoirí i bPórtó Ríce.[1]  

Nuair a bhí Lin-Manuel agus Luz níos óige, d’fhreastail siad ar ranganna pianó.  Chonaic Lin-Manuel a chéad cheoldráma nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois, is é sin Les Misérables ar Broadway. Tar éis sin, thosaigh sé ag rapáil agus chas sé amhráin hip-hop agus R&B.  

D’fhreastail Miranda Hunter College Bunscoil agus Ardscoil Hunter College.  Bhí an t-iriseoir, Chris Hayes, sa rang.  

Tar éis ardscoil, d’fhreastail Miranda ar Ollscoil Wesleyan agus bhunaigh sé grúpa hip-hop; .  Freestyle Love Supreme an t-ainm a bhí ar an ghrúpa.  Chum Miranda a chéad ceoldráma sa bhliain sofamór,  Into the Heights. Bhain sé céim amach i 2002.[2]

Sa bhliain 2020, bhí sé ina chónaí lena bhean chéile, Vanessa Nadel (is dlíodóir agus eolaí í).    D’fhreastail siad le chéile Ardscoil Hunter College agus thosaigh siad ag dul amach le chéile i 2005.  Chuir Miranda an cheist uirthi agus phós siad i 2010.  Rugadh a gcéad pháiste, Sebastian i 2014 agus rugadh mac eile i 2018.  Francisco is ainm do.[3] 

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

2002-10: In the Heights[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2002, d’oibrigh Miranda agus John Buffalo Mailer le Thomas Kail (is stiúrthóir é).  Rinne siad In the Heights ar Broadway i mí an Mhárta.  D’ainmnigh In the Heights  le haghaidh trí gradam déag san Tony Awards.  Bhuaigh siad ceithre ghradam, an scór is fearr agus an ceoldráma is fearr freisin.  Chomh maith leis sin,  fuair In the Heights Gradam Grammy i 2009.  Rinne Miranda phríomhpháirt san ceoldráma ar Broadway i 2008 agus be bharr d’ainmnigh sé le haghaidh an t-aisteoir is fearr san Tony Awards i 2008. D’fhág sé Into the Heights ar Broadway i 2009.

Mar sin féin. D’oscail an ceoldráma ar an West End i 2015 le haghaidh dhá bhliain.  Bhí sé sa Amharclann King’s Cross.[4]

Chomh maith le Into the Heights, d’oibrigh Miranda le Stephen Sondheim agus d’aistrigh sé cúpla amhrán in West Side Story ó Bhéarla go Spáinnis.  

2011-14: Bring It On: The Musical[cuir in eagar | athraigh foinse]


Scríobh Miranda na liricí agus an ceol le Tom Kitt agus Amanda Green le haghaidh an cheoldráma.  Bring it On: The Musical an t-ainm atá ar an ceoldráma.  Bhí première an cheoldráma san Amharclann Alliance, Georgia i mí an Eanáir, 2011.  Thosaigh an ceoldráma turas náisiúnta i Meircieá i 2011. Bhí sé ar Broadway ar feadh tamaill.  D’oscail sé ar an gcéad lá de Lúnasa 2012 agus dhún sé ar tríocha lá de mí na Nollag.  D’ainmnigh Bring it On: The Musical le haghaidh dhá Tony Awards.  An ceoldráma is fearr agus an chóiréagrafaíocht is fearr.

2009-2016: Hamilton: An American Musical[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Lin- Manuel Miranda ar a laethanta saoire i 2008 agus léigh sé beathaisnéis faoi Alexander Hamilton le Ron Chernow.[5]

Is scéal é faoin Alexander Hamilton, a rugadh sa bhliain 1757. Scríobh Miranda an scéal, na liricí, an scór agus rinne sé aisteoireacht freisin.  Thosaigh Hamilton: An American Musical ar Broadway san Amharclann Richard Rogers in 2015, agus Thomas Kail mar an chéad stiúrthoir.

Lin Manuel Miranda ag cánadh sa Teach Bán



Mí Aibreáin 2016, d’fhoilsigh Miranda agus Jeremy McCarter leabhar. Hamilton: The Revolution  an t-ainm atá ar an leabhar agus déan cur síos é an turas ón saol go raibh Hamilton aige go dtí Hamilton: An American Musical ar Broadway.  

Rinne Miranda an léiriú dheireanach ar Broadway mar an príomhcharachtar (Hamilton) ar naoú lá Iúil 2016.  Mar sin féin, dúrit Miranda d’osclódh Hamilton: An American Musical i bPórtó Ríce i 2019 agus déanfaidh Miranda an príomhcharachtar arís.  Tháinig an ceoldráma go dtí Pórtó Ríce mar bhuail hairicín Maria ar Pórtó Ríce i 2017 agus fuair níos mó ná 300,000 duine bás. D’oscail an ceoldráma chun airgead a fáil chun cabhrú na daoine ar an oileán.  Rinne Miranda páirt Hamilton i bPórtó Ríce agus bhí na ticéid díolta amach laistigh de 3 huaire.  Bhailidh siad níos mó ná $14 milliún.  


2014-2016: Moana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Lin- Manuel Miranda an cumadóir le haghaidh an scannán Moana (R. Clements & J. Musker, 2014).  Is é scannán beochana é.  Is é Auli’I Cravalho, Dwayne Johnston agus Rachel House na príomhchactair.  Scríobh Miranda na amhráin “How Far I’ll Go” agus “You’re Welcome”.  Chán Auli’i Cravalho “How Far I’ll Go” agus chán Dwayne Johnston “You’re Welcome”.  D’fhoilsigh Disney “You’re Welcome” arís ach chán Jordan Fisher agus Lin- Manuel Miranda an t-amhrán.  Rapálann Miranda na focail agus tá sé cosúil leis an ceol sa Hamilton.

2018- Mary Poppins Returns[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eisíodh Mary Poppins (R. Stevenson) I 1964.  Bhí Julie Andrews, Dick Van Dyke agus David Tomlinson sa scannán.  Ba ceoldráma é

D’eisigh Mary Poppins Returns (R. Marshall) I 2018. Tá foireann scothaisteoirí agaibh. Tá príomhpháirt ag Emily Blunt (Mary Poppins) agus Lin- Manuel Miranda (Jack).  Tá páirt beag ag Meryl Streep (Topsy), Dick Van Dyke (Mr. Dawes Junior) agus Colin Firth (William Weatherall).  Tá Mary Poppins Returns ag leanúint Mary Poppins.

2019/ 20- The Little Mermaid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mí Lúnasa 2016, dúirt Lin- Manuel Miranda go mbheinn sé ag obair le  Alan Menken (Beauty and the Beast, Pocahontas) chun scór a cumadh le haghaidh an scanánn athbheochan: The Little Mermaid.  

2021- Tick Tick Boom, Vivo angus Encanto[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Lin-Manuel Miranda aisteoireacht i Vivo, scannán Netflix, agus scríobh sé an ceol as Vivo freisin. Stiúir sé an scannán Tick Tick Boom... Bhí Andrew Garfield sa scannán seo agus bhí sé faoi drámadóir Jonathon Larrson a scríobh an ceoldráma Rent.

Scríobh Lin-Manuel Miranda an ceol den Disney scannán cartúin Encanto. Bhí an ceol aimníodh den a lán duiseanna, mar shampla, Gradaim an Acadaimh. Bhí "We Don't Talk About Bruno" ar céad áit sna chairteacha in Eireann, Méiricea agus an Ríocht Aontaithe, agus bhí a lán amhráin eile as an scannán sa chairteacha freisin.

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Lin- Manuel Miranda go leor duaiseann.  Thug an Hollywood Camber of Commerce "réalta" ar Hollywood Walk of Fame do Miranda i 2018. 

Duaiseanna sa Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gradaim an Acadaimh

Bliain Scannán/seó Catagóir Toradh Tagairt
2016 “How Far I’ll Go” (ó Moana) An Bunamhrán is Fearr Ainmníodh [6]
2022 "Dos Orugitas" (ó Encanto) An Bunamhrán is Fearr Ar fheitheamh


Na Gradaim Emmys

Bliain Scannán/seó Catagóir Toradh Tagairt
2014 “Bigger” (ó 67th Tony Awards) An Bunamhrán is Fearr Bhuaigh sé é [7]


Na Gradaim Golden Globe

Bliain Scannán/seó Catagóir Toradh Tagairt
2016 “How Far I’ll Go” (ó Moana) An Bunamhrán is Fearr Ainmníodh [8]
2018 Mary Poppins Returns Aisteoir is Fearr I gCoiméide nó Ceoldráma Ainmníodh [9]
2022 "Dos Orugitas" (ó Encanto) An Bunamhrán is Fearr Ainmníodh


Gradam Grammy

Bliain Scannán/seó Catagóir Toradh Tagairt
2009 In the Heights Albam Ceoldráma is Fearr Bhuaigh sé é [10]
2016 Hamilton Albam Ceoldráma is Fearr Bhuaigh sé é [11]
2018 “How Far I’ll Go” (ó Moana) Amhrán is Fearr le haghaidh Ríomhbheochan Bhuaigh sé é [12]
2018 Moana Albam is Fearr le haghaidh Ríomhbheochan Ainmníodh [13]


An Amharchlann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gradaim Tonys

Bliain Scannán/seó Catagóir Toradh Tagairt
2008 In the Heights Aisteoir is Fearr sa Ceoldráma Ainmníodh [14]
2008 In the Heights An Bunscór is Fearr Bhuaigh sé é [15]
2016 Hamilton Aisteoir is Fearr sa Ceoldráma Ainmníodh [16]
2016 Hamilton An Leabhar is Fearr ó Ceoldráma Bhuaigh sé é [17]
2016 Hamilton An Bunscór is Fearr Bhuaigh sé é [18]

Na Gradaim Laurence Olivier

Bliain Scannán/ Seó Catagóir Toradh Tagairt
2016 In the Heights Gradam Gaisce Bhuaigh sé é [19]
2018 Hamilton Gradam Gaisce Bhuaigh sé é [20]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Lin-Manuel Miranda | Biography, Musicals, Hamilton, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2019-03-30.
  2. "BIO" (en). linmanuel. Dáta rochtana: 2019-03-30.
  3. Ani Bundel. "Here's Everything Fans Should Know About Lin-Manuel Miranda's Wife, Vanessa Nadal" (en). Elite Daily. Dáta rochtana: 2019-03-30.
  4. "In the Heights | West End | reviews, cast and info" (en-GB). WhatsOnStage. Dáta rochtana: 2019-03-30.
  5. "Hamilton's America - Interview with Lin Manuel Miranda - PBS" (as en) . 
  6. "BEST ORIGINAL SONG NOMINATIONS 2016 OSCARS". oscar.go.com. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  7. "Nominees/Winners" (en). Television Academy. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  8. "Winners & Nominees 2016" (en). www.goldenglobes.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-15. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  9. Variety Staff, Variety Staff (2018-12-06). "Golden Globe Nominations: Complete List" (en). Variety. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  10. "In the Heights Wins Big at 51st Annual Grammy Awards" (en). Broadway.com. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  11. Emily Yoshida (2016-02-15). "Watch Lin Manuel Miranda and the cast of Hamilton perform at the 2016 Grammys". The Verge. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  12. Taylor Ferber. "'Moana' Is Nominated For A 2018 Grammy, So Fans Of The Movie Rejoice" (en). Bustle. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  13. Taylor Ferber. "'Moana' Is Nominated For A 2018 Grammy, So Fans Of The Movie Rejoice" (en). Bustle. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  14. "In The Heights Tony Awards Info". www.broadwayworld.com. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  15. Carlito Pucl (2008-06-16). "'In the Heights' - 2008 Tony Awards - Best Original Score". 
  16. "How many Tonys did 'Hamilton' win?" (en). USA TODAY. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  17. "How many Tonys did 'Hamilton' win?" (en). USA TODAY. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  18. "How many Tonys did 'Hamilton' win?" (en). USA TODAY. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  19. Posted Apr, 04 2016. "Lin-Manuel Miranda's IN THE HEIGHTS Wins 3 Olivier Awards®!". www.rnh.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-01. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  20. "See the winners list in full from this year's Olivier Awards" (en). The Independent (2018-04-09). Dáta rochtana: 2019-04-01.