Jump to content

Limistéar faoi chosaint

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Céatadán de gach tír an domhain faoi chosaint (sonraí as 2005):

██ 0.0–3.9%

██ 4.0–11.3%

██ 11.4–22.7%

██ 22.8–41.8%

██ 41.9–72.3%

██ Gan sonraí

limistéar faoi chosaint mar atá toisc go bhfuil luach nádúrtha nó cultúrtha ar leith aige, agus chun bithéagsúlacht a chaomhnú. Cuirtear ann srianta le láithreacht daonna nó saothrú acmhainní nádúrtha (e.g. brosna, uisce, srl.).[1] San áireamh faoin téarma, tá limistéar mara faoi chosaint agus limistéar trasteorann faoi chosaint.

Ón mbliain 2016 amach, tá ann níos mó ná 161,000 limistéar faoi chosaint, a chuireann tuairim is 17 gan gcéad de dhromchla an domhain faoi chosaint (Antartaice as an áireamh).[2][3][4][5][6] Amach on gcósta ach fós laistigh d'uiscí náisiúnta, tá ann 14,688 Limistéar Mara faoi Chosaint (LMC), ag clúdach tuairim is 10.2% de cheantair cois cósta agus 4.1% ar an mórmhuir.[2] Os a choinne sin, níl ach 0.25% desna haigéin idirnáisiúnta faoi chosaint.[2][7]

Ar na mallaibh, tá sé mar aidhm ag an tionscnamh 30 by 30 ná 30% huiscí aigéan agus 30% de thailte ar fud an domhain a chosaint faoin mbliain 2030. Glacadh an aidhm ag an Aontas Eorpach faoina Dhlí Athchóirithe Nádúir, nó Campaign for Nature sa ghnáthchaint. Sa bhlian 2022, cuireadh an aidhm chun cinn ag an bhfeachtas le linn cruinnithe mullaigh COP-CBD15[8] agus an G7[9] I mí na Nollag 2022 ag COP-CBD15, glacadh leis an Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal,[10] ina fhaightear anois an tionscnamh 30 by 30.[7]

Go minic, cothaíonn limistéir faoi chosaint tearmann do speicis faoi bhagairt agus i mbaol.[11] Cáineann go minic, ámh, pobail dúchais agus áitiúla an modh seo, 'caomhnú daingin'.[12]

Sciar de limistéir talún faoi chosaint, ón mbliain 2018 amach
  1. "Beyond exclusion: alternative approaches to biodiversity conservation in the developing tropics" (as en) (1 May 2010). Current Opinion in Environmental Sustainability 2 (1): 94–100. doi:10.1016/j.cosust.2010.03.006. ISSN 1877-3435. Bibcode: 2010COES....2...94L.
  2. 1 2 3 "Protected Planet Report 2016". Dáta rochtana: 7ú Feabhra 2020.
  3. Soutullo, Alvaro (2010). "Extent of the Global Network of Terrestrial Protected Areas" (as en). Conservation Biology 24 (2): 362–363. doi:10.1111/j.1523-1739.2010.01465.x. ISSN 1523-1739. PMID 20491846. Bibcode: 2010ConBi..24..362..
  4. "unstats - Millennium Indicators". Dáta rochtana: 28ú Lúnasa 2018.
  5. Mora C, Sale P (2011). "Ongoing global biodiversity loss and the need to move beyond protected areas: A review of the technical and practical shortcoming of protected areas on land and sea". Marine Ecology Progress Series 434: 251–266. doi:10.3354/meps09214. Bibcode: 2011MEPS..434..251M.
  6. "Protected Planet Report 2020". Protected Planet Report 2020. Dáta rochtana: 24ú Aibreán 2023.
  7. 1 2 Paddison, Laura (19ú Nollaig 2022). "More than 190 countries sign landmark agreement to halt the biodiversity crisis". CNN. Dáta rochtana: 20ú Nollaig 2022.
  8. "Sign the 30x30 Petition Today!". Campaign for Nature. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-27. Dáta rochtana: 2025-07-28.
  9. "G7 commits to end support for coal-fired power stations this year". euronews (21ú Bealtaine 2021).
  10. Briggs, Helen (19ú Nollaig 2022). "[vhttps://www.bbc.com/news/science-environment-64019324 COP15: Nations reach 'historic' deal to protect nature]" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 19ú Nollaig 2022.
  11. Dudley, N. (ed.) Guidelines for Applying Protected Areas Management Categories (IUCN: Switzerland, 2008)
  12. "Decolonize Conservation". www.survivalinternational.org. Survival International. Dáta rochtana: 24ú Meitheamh 2023.