Liam Lawlor (TD, 1945-2005)
Liam Lawlor (TD, 1945-2005) | |||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Iúil 5, 1977 - Bealtaine 21, 1981 District: Dublin County West (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 1977
Márta 9, 1982 - Samhain 4, 1982 District: Baile Átha Cliath Thiar Election: Olltoghchán na hÉireann, Feabhra 1982
Márta 10, 1987 - Bealtaine 25, 1989 District: Baile Átha Cliath Thiar Election: Olltoghchán na hÉireann, 1987
Meitheamh 29, 1989 - Samhain 5, 1992 District: Baile Átha Cliath Thiar Election: Olltoghchán na hÉireann, 1989
Nollaig 14, 1992 - Bealtaine 15, 1997 District: Baile Átha Cliath Thiar Election: Olltoghchán na hÉireann, 1992
Meitheamh 26, 1997 - Meitheamh 7, 2000 District: Baile Átha Cliath Thiar Election: Olltoghchán na hÉireann, 1997
Meitheamh 7, 2000 - Aibreán 25, 2002 District: Baile Átha Cliath Thiar | |||||||||||||||||||
Saol | |||||||||||||||||||
Eolas breithe | Cromghlinn, Deireadh Fómhair 1, 1945 | ||||||||||||||||||
Náisiúntacht | Éire | ||||||||||||||||||
Bás | Moscó, Deireadh Fómhair 22, 2005 | ||||||||||||||||||
Cúis bháis | (imbhualadh tráchta) | ||||||||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||||||||
Alma mater | Scoil na mBráithre, Sráid Synge | ||||||||||||||||||
Gairm | |||||||||||||||||||
Gairm | polaiteoir agus iománaí | ||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||
Creideamh | |||||||||||||||||||
Páirtithe polaitíochta | Fianna Fáil |
Ba iar-theachta Dála Fhianna Fáil é Liam Lawlor (nó Liam Ó Leathlobhair), (rugadh i mBaile Átha Cliath 1945 - Moscó 22 Deireadh Fómhair 2005). Tharraing Lawlor conspóid lena bheo agus lena mharbh. Fuair sé breabanna ó fhorbróirí nuair a bhí sé ina TD.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Lawlor sa bhliain 1945, tógadh i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina mhac léinn ag Synge Street CBS agus ansin DIT (Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath).
Nuair a bhí Lawlor níos óige, ba é iománaíocht an spórt is fearr leis. Bhí sé ar an foirne mionúr Bhaile Átha Cliath agus foireann Laighean. I ndiaidh na céime chuaigh sé leis an gcuisniú gnó, bhí sé ina bhainisteoir ann níos déanaí.
Toghadh Lalor ina Theachta Dála don chéad uair i 1977 don dáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar.

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Lawlor an-mhór leis na forbróirí réadmhaoine i mBailte Átha Cliath idir na 1970idí-1990idí Tharraing an caidreamh sin conspóid ar an TD níos déanaí nuair a ghlac Liam Lawlor le breabanna.. Ba mhór an éadáil é do na forbróirí réadmhaoine nuair a bhí talamh zónáilte faoi choinne forbraíochta i gContae Bhaile Átha Cliath.
"Ar bhonn áitiúil, thug comhairleoirí áirithe droim láimhe do mhianta na ndaoine a thogh iad nuair a rinne siad athchriosú ar thalamh ghlas ar mhaithe le tríocha bonn airgid. Ba mhó an masla dár bpobal tacaíochta é nuair a cumadh bréaga áiféiseacha faoin airgead a tugadh dóibh."[1][2] I measc na leabhar ba mhó díol in Éirinn in 2002, bhí tuarascáil eatramhach an Bhreithimh Flood (agus Mahon), ar díoladh breis agus 25,000 cóip di. Dhamnaigh an tuarascáil Lawlor. De réir na tuarascála seo, ghlacadh na mílte punt ó thógálaithe ar nós Mr Bailey, Mr Brennan agus Mr McGowan.[3]

Cuireadh Lawlor i bpríosún trí huaire (Eanáir 2001, Eanáir 2002 agus Feabhra 2002) de bharr díspeagadh cúirte agus comhcheilg leis an dlí a chur as a riocht.
Níor sheas Lawlor san olltoghchán i 2002 mar gheall ar a chuid fadhbanna leis an mbinse fiosrúcháin Flood (Mahon níos déanaí) agus na tréimhsí a chaith sé i bpríosún.
Bhí 'rath fáistine'[4] ag Bertie Ahern leis na caiple [d'éirigh Ahern as mar Thaoiseach sa bhliain 2008].[1]
Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]
Lean Lawlor lena ghnéithe pearsanta sna blianta 2003-2005.
Bhí sé ar thuras gnó sa Rúis nuair a maraíodh é i dtimpiste bóthair ar an M10,[5] mótarbhealach i Moscó i mí Deireadh Fómhair 2005.[6] Bhí sé in éineacht lena aistritheoir, bean 29 bliain d'aois ag an am agus tháinig a chara slán as an timpiste.[7][8]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 Breandán Delap (2010). "Seoladh Fhianna Fáil Nua" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-22.
- ↑ oireachtas.ie (2006). "TUAIRISC OIFIGIUL". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Dónall Ó Maolfabhail (2003). "Go leor scannal eile le nochtadh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-23.
- ↑ "Foclóir Gaeilge–Béarla (Ó Dónaill): fáistine" (ga). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-10-22.
- ↑ "M10 highway (Russia)" (in en) (2021-07-09). Wikipedia.
- ↑ "Lawlor family 'saddened' by media coverage" (in en) (2005-10-23).
- ↑ "The story behind the story" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-10-22.
- ↑ "Interpreter in Lawlor case settles libel actions" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-10-22.