Liam Óg Ó hAnnaidh
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (en) Liam O’ Hanna 16 Deireadh Fómhair 1997 28 bliana d'aois Béal Feirste, Northern Ireland |
| Faisnéis phearsanta | |
| Ainm cleite | Mo Chara |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | ceoltóir, rapálaí, aisteoir |
| Ball de | |
| Teangacha | An Ghaeilge |
Tá cáil ar Liam Óg Ó hAnnaidh (a rugadh ar an 16 Deireadh Fómhair 1997) mar an rapálaí Mo Chara, a ainm stáitse, as an ghrúpa Kneecap.


Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2025 tháinig físeáin chun cinn ina dtaispeántar an banna, de réir líomhaintí, ag iarraidh básanna Feisirí de chuid Pháirtí Coimeádach na Breataine agus ag béicíl "Up Hamas, up Hezbollah". D’eisigh Kneecap ráiteas ag rá nach nglacann siad leis an bhforéigean agus nach dtacaíonn siad le Hamas ná Hezbollah, ach gur cuireadh feachtas smearaidh orthu mar gheall ar a dtacaíocht leanúnach don Phalaistín agus ar a gcáineadh ar Iosrael. Bhí litir oscailte sínithe ag na scórtha de cheoltóirí as Éirinn agus an Ríocht Aontaithe araon ag tacú leis an triúr agus ag rá go raibh “iarracht shoiléir, chomhbheartaithe idir lámha chun cinsireacht a dhéanamh ar an mbanna agus ar deireadh thiar iad a chur ó ardán”.[1][2][3][4]
Ar an 18 Mheithimh 2025, bhí Ó hAnnaidh os comhair na cúirte i Londain. Cúisíodh é maidir le dlí frithsceimhlitheoireachta – dúradh gur thaispeáin sé bratach a bhí ag tacú le Hezbollah ag ceolchoirm i Londain i mí na Samhna 2024.[5][6] Shéan sé na cúisimh ar fad. Dúirt Kneecap gur caitheadh an bhratach ar an stáitse agus go raibh na cúisimh ina n-iarracht an grúpa rapcheoil a chiúnú agus go raibh an dlí á úsáid chun bac a chur orthu ag taisteal agus ag labhairt.[7] Tá Kneecap an-oscailte lena dtacaíocht don Phalaistín agus i gcoinne an chogaidh in Gaza.[8]
Ar an 18 Meitheamh 2025 bhí slua mór ag tacú le Kneecap taobh amuigh den chúirt i Londain, agus ligeadh Ó hAnnaidh amach ar bannaí é. An lá dár gcionn d'fhill Kneecap ar Éirinn le haghaidh ceolchoirm mhór i bPáirc Fionnradhairc i mBaile Átha Cliath.[8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Conradh na Gaeilge (3 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-05-03.
- ↑ "Níos mó spéise i Kneecap ar fud an domhain ná mar a bhí riamh roimhe seo" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-02). Dáta rochtana: 2025-05-04.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (29 Aibreán 2025). "‘Ba cheart Kneecap a chur i bpríosún’ – cáineadh beagnach uair an chloig déanta ar Kneecap in Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-04.
- ↑ "‘Tá histéire mhoráltachta á cothú chun aird daoine a tharraingt ón gcinedhíothú’ – Kneecap" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-04-29). Dáta rochtana: 2025-05-04.
- ↑ "Ball Kneecap le teacht os comhair na cúirte arís I Londain".
- ↑ Rachel Hall, Lisa O'Carroll (2025-06-18). "Kneecap rapper charged with terror offence released on unconditional bail" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-06-29.
- ↑ "‘They are trying to silence us,’ Kneecap member facing terror charge tells crowd" (en). BreakingNews.ie (2025-05-24). Dáta rochtana: 2025-06-21.
- ↑ 8.0 8.1 Conradh na Gaeilge, Londain (21 Meitheamh 2025). "Nuacht Mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-06-21.