Jump to content

Liam Ó hAonghusa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLiam Ó hAonghusa
Beathaisnéis
Breith1829
Caisleán Ghriaire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1889
59/60 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaistritheoir, teangeolaí, scríbhneoir, duine léannta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Scoláire agus oifigeach Éireannach ba ea Liam M. Ó hAonghusa, (Béarla: William Maunsell Hennessy; 1829 – 1889).[1][2][3]

Rugadh Hennessy ag Caisleán Ghriaire, Contae Chiarraí. Tar éis na scoile, chuaigh sé le roinnt blianta ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe. D'fhill sé ar Éirinn agus d'éirigh ina iriseoir, ach dhírigh sé a aird ar Litríocht na hÉireann. Sa bhliain 1868, ceapadh é mar oifigeach i gCartlann Náisiúnta na hÉireann. D'éirigh sé ina leaschoimeádaí cúnta, go dtí uair a bháis. Toghadh é ina Ollamh Todd ag Acadamh Ríoga na hÉireann idir blianta 1882–4.[1]

Bhí dúlagar air go háirithe tar éis dó a bhean chéile agus iníon pósta a chailleadh. D'éag sé i mBaile Átha Cliath ar an 13ú Eanáir 1889.[1]

Ba iad mórshaothair Hennessy ná eagráin de théascanna Gaeilge le réamhráite agus aistriúcháin.[1]

In éineacht le sin:

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 4 Moore, Norman (1891). "Hennessy, William Maunsell": 424-425. Londain: Dictionary of National Biography.
  2. "Hennessy, William Maunsell (Ó hAonghusa, Liam M.)". Dictionary of Irish Biography. Dáta rochtana: 17-04-2026.
  3. "HENNESSY, William Maunsell". ainm.ie. Dáta rochtana: 17-04-2026.