Liam Ó Floinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLiam Ó Floinn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Aibreán 1945
An Chill, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Márta 2018
72 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisEimfiséime scamhóige
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeol
Gairmceoltóir, fliúiteadóir, píobaire Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1966 –  2018
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
TeangachaBéarla
UirlisPíb mhála agus píoba uilleann

IMDB: nm1620838 iTunes: 370512 Musicbrainz: ca0e1bd6-541b-4a47-851f-35750b332783 Songkick: 199434 Discogs: 255447 Allmusic: mn0000227465 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba phíobaire uilleann é Liam Óg Ó FloinnLiam O'Flynn (7 Bealtaine 1945 i gCo Chill Dara, - 14 Márta 2018). Bhí a scileanna agus a mháistreacht ar an bpíobaireacht eisceachtúil.[1][2]

Is iomaí ceolchoirm agus taifeadadh a bhí déanta ag an máistirphíobaire seo le popréaltaí agus le rac-réaltaí (ar nós Mark Knopfler, Kate Bush, Enya, Sinéad O’Connor, Mary Black, Afro Celt Sound System, Van Morrison, The Everly Brothers, John Cage, Nigel Kennedy srl), le ceolfhoirne (saothair Shaun Davey ach go háirithe ach go leor eile chomh maith ar nós Proms na BBC) agus fiú amháin leis an bhfile Éireannach Seamus Heaney, buaiteoir Dhuais Nobel na Litríochta sa bhliain 1995.

Ach in ainneoin na ngaiscí seo uilig, is mar cheoltóir an-ábalta traidisiúnta is mó atá meas ag an phobal ar Liam Óg Ó Floinn. Dúradh gur ceoltóir a thuig an traidisiún i gcónaí a bhí i Liam O'Flynn[3]. Sa bhliain 2007, bronnadh Gradam Ceoil TG4 air, an deichiú bliain den scéim gradam náisiúnta áitithe seo.

A chúlra ceoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Donal Lunny, Andy Irvine, Liam O'Flynn, & Paddy Glackin, Celtic Connections, 31 Eanáir 2012

As Contae Chill Dara ó dhúchas do Liam Ó Flynn. Ach bhí ceangal láidir aige le hIarthar an Chláir. Agus é fós sa chliabhán, bhí an Floinneach ar maos sa cheol traidisiúnta. Amhránaí agus múinteoir pianó í a mháthair ó Chontae an Chláir a raibh féith an cheoil inti ó dhúchas. Máistir scoile agus fidléir é a athair. Ba mhinic seisiúin cheoil sa teach acu agus é óg, agus leithéidí Junior Crehan agus cara a athar, an Sáirsint Tom Armstrong, píobaire, ag tarraingt orthu.

Tháinig Liam faoi dhraíocht na bpíob láithreach. Dalta go leor eile, thosaigh sé amach ar an fheadóg stáin. Chaith sé seal chomh maith ag streachailt leis an fhidil sular aimsigh sé a ghairm ar an phíb uilleann. Gan ach bliain déag slánaithe aige, bhí an Floinneach óg ag freastal ar mháistir-ranganna leis an phíobaire cáiliúil ó Áth Cliath, Leo Rowsome. Níorbh fhada gur chuir sé aithne ar bheirt eile de laochra móra na bpíob uillinn, mar a bhí Séamus Ennis agus Willie Clancy.

Triúr iad seo a chinntigh gur tháinig an uirlis chasta éachtach seo slán ón bhás a síleadh a bheith i ndán di, i lár an chéid seo caite. Mar theist ar an mheas a bhí aige ar an phíobaire nua tréitheach a bhí tagtha ina measc, sula bhfuair Ennis bás i 1982 bhronn sé a uirlis féin ar Liam Óg a bhí mar dhlúthchara aige fán am sin.

Ní nach ionadh a tugtar “Rí na bPíobairí” air inniu.

Bunú Planxty[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é ina dhéagóir ba ghnách le Liam bualadh isteach go seisiúin cheoil ag teach leanna mhuintir Dowling sa Chorrchoill (Prosperous), sráidbhaile beag ciúin i gContae Chill Dara, áit ar casadh Donal Lunny, Andy Irvine agus Christy Moore air. (Thart fán am céanna seo, na seascaidí, a bhuaigh sé duaiseanna suntasacha as a thallann ceoil ag Oireachtas na Gaeilge agus ag Fleadh Cheoil na hÉireann.)

Ba leis an triúr seo a bhunaigh sé an t-ollghrúpa Planxty ag tús na seachtóidí. Grúpa é seo a chuir borradh nua-aoiseach agus cor úr i scéal cheol traidisiúnta na hÉireann agus a thóg go hardáin eile thar sáile é. Maireann a thionchar inniu féin agus níl port Planxty seinnte go fóill.

Drone

Ag seinm ar fud an domhain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí seinnte ag an Fhloinneach ar na hardáin mhóra go léir – An Barbican Centre agus an Royal Albert Hall i Londain, an Lincoln Centre i Nua-Eabhrac, Stade de France i bPáras na Fraince (i gcomhpháirt le Féile Idircheilteach Lorient) gan ach cuid acu a lua.

Chomh maith leis sin, ba bhreá leis a uirlis a chur ag treabhadh in iomairí nua ceoil, rud a bhí cruthaithe go héifeachtach aige le ceoltóirí ó chúlraí éagsúla ceoil le dhá scór bliain anuas. I Meitheamh na bliana 2003 tugadh cuireadh dó píosa a chum Shaun Davey mar rosc-amhrán na gCluichí Speisialta Oilimpeacha a sheinm os comhair an domhain mhóir ag Oscailt Oifigiúil na gCluichí i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath. Ba é sin an ócáid spóirt ba mhó ar domhan an bhliain sin.

Ina theannta sin, bhí iarrtha air go minic ceol nua a chumadh d’ócaidí móra i scéal mhuintir na hÉireann. I Samhain na bliana 1997 sheinn sé píosa acu seo, “An Droichead”, ag insealbhú Mháire Mhic Ghiolla Íosa mar ochtú Uachtarán na hÉireann. Léirígh an saothar seo an bua a bhí ann cumadóireacht úrnua a dhéanamh taobh istigh de mhúnlaí an cheoil thraidisiúnta.

I nDeireadh Fómhair na bliana 2002, chuir an Floinneach a chéad ollphíosa ceoil do phíobaire aonair, “Endurance”, os comhair an phobail den chéad uair. Ba é Ionad Oidhreachta Átha Í i gContae Chill Dara, a choimisiúnaigh an saothar seo air in ómós Ernest Shackleton, taiscéalaí cáiliúil molach agus Cill Darach eile. In ainneoin go raibh éileamh ag lucht déanta scannán ar a chuid ceoil (“Cal”, “The Field”, “Roses From Dublin”, “A River Runs Through It”, “Kidnapped” srl) agus ag cumadóirí clúiteacha eile ar nós John Williams, Mike Oldfield nó Shaun Davey, níor thréig sé na foinsí riamh as ar bhlais sé an ceol an chéad lá. Is fíor freisin gur duine séimh, cúthail neamhphostúil a bhí ann i gcónaí.

Bhí a bhanna féin aige, The Piper’s Call Band (leis an ghiotáraí clúiteach Arty McGlynn agus an seinnteoir cnaguirlisí Liam Bradley).

Taifeadtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí os cionn leathchéad taifeadadh déanta ag Liam Óg Ó Floinn.

...

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. merrionstreet.ie (2018). "Tugann an tAire Madigan ómós do Liam Óg Ó Floinn" (ga). merrionstreet.ie. Dáta rochtana: 2021-03-14.
  2. Seosaimhín Ní Bheaglaoich (2018). "Scaradh na gCompánach – Boyle, Ó Floinn, de Brún agus Moore, dealbh sinn dá n-éagmais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-14.
  3. Bhásaigh an píobaire clúiteach, Nuacht RTÉ, 16 Márta 2018