Lennie Hoffmann, Barún Hoffmann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLennie Hoffmann, Barún Hoffmann

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Leonard Hoffmann, Baron Hoffmann
Beathaisnéis
Breith8 Bealtaine 1934
89 bliana d'aois
Cape Town, An Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Theach na dTiarnaí
21 Feabhra 1995 –
Tiarnaí Achomhairc i bPríomhfhíor
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Cape Town
The Queen's College Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmbreitheamh, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAmnesty International Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileGillian Lorna Sterner (1957–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJennifer Hoffmann, Clare Hoffmann Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBarney Woolf Hoffmann
Gradam a fuarthas

Breitheamh i Sasana is ea Leonard Hubert "Lennie" Hoffmann, Baron Hoffmann GBS PC (a rugadh ar 8 Bealtaine 1934). Bhí tionchar mór ag Hoffmann ar fhorbairt an dlí phoiblí i Sasana, go mór mór maidir le luathbhlianta an Achta um Chearta an Duine 1998.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lennie Hoffmann sa bhliain 2018

I Cape Town a rugadh An Tiarna Hoffmann, mac le duine de chomhbhunaitheoirí an ghnólachta dlí is mó san Afraic, ENSafrica (Edward Nathan Sonnenbergs). Is céimí de chuid Ollscoil Cape Town agus Choláiste na Banríona, Ollscoil Oxford (mar Scoláire Rhodes) é. Bhuaigh sé Scoláireacht Vinerian i 1957, as an bhfeidhmíocht is fearr sa scrúdú ar Chéim Bhaitsiléara an Dlí Shibhialta. Bhí sé ina Chomhalta Dlí Shibhialta Stowell i gColáiste na hOllscoile, Oxford ó 1961 go 1973.

Tharla Hoffmann seo go pointe áirithe i gcomhthráth le ham Sheáin Uí Cheallaigh (nach maireann) mar chomhalta de Choláiste na Tríonóide, Oxford (1961-65) agus ba é sin an bonn le cairdeas buan, mar a chuimhnigh an Tiarna Hoffmann nuair a labhair sé i gCOBÁC sa bhliain 1996.

Glaodh chun an Bharra air i Gray's Inn sa bhliain 1964 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1977.

Breitheamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh Hoffmann ar Chúirteanna Achomhairc Jersey agus Guernsey sa bhliain 1980 agus rinneadh breitheamh de Ard-Chúirt Shasana agus na Breataine Bige (Rannán na Seansaireachta, 1985-92).

Bhí Hoffmann ar an gCúirt Achomhairc ó 1992 go 1995 agus bhí sé ina Thiarna Achomhairc i nGnáthnós 1995 go 2009.

Bhí sé ina Bhreitheamh Neamhbhuan ag Cúirt Achomhairc Dheiridh Hong Cong ó 1998 i leith. I dtaca le réimsí de dhlí Shasana inar speisialaigh sé mar bhreitheamh (mar dhlí na gcuideachtaí agus dlí na n-iontaobhas), bhí tionchar mór ag An Tiarna Hoffmann, chomh maith le tionchar ar fhorbairt an dlí phoiblí i Sasana, go mór mór maidir le luathbhlianta an Achta um Chearta an Duine 1998.

Hoffmann in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1996 a thug an Tiarna Hoffmann an tríú Léacht Bhliantúil i gCuimhne Sheáin Uí Cheallaigh i UCD, dar teideal "A Sense of Proportion" inar scrúdaigh sé ról phrionsabal na comhréireachta i ndlí bunreachtúil agus cearta daonna. Tá leagan leasaithe dá léacht le fáil i (1997) 32 𝙄𝙧𝙞𝙨𝙝 𝙅𝙪𝙧𝙞𝙨𝙩 (ns) 49-61.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Lord Hoffmann". Dáta rochtana: 2021.
  2. "Vol. 32, 1997 of Irish Jurist on JSTOR" (en). www.jstor.org. Dáta rochtana: 2021-05-08.