Leictreonaic ardchumhachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gléasanna leathsheoltacha chun sruthanna móra leictreacha a lascadh ann nó as, cosúil le tíreastóirí nó coigeartóirí sileacain rialaithe. Déantar an fheidhm seo i líonra náisiúnta leictreach nuair a bhaintear stáisiún ginte as feidhm, a chuirtear stáisiún ar siúl, nó a theipeann ar aon chuid den líonra. Go dtí le déanaí bhaintí úsáid as gnáthlascanna meicniúla, ach iad ollmhór. Nuair a dhéanann na lascanna seo tadhall chun sruth a lascadh ann, agus a bhriseann siad an tadhall chun an sruth a lascadh as, tarlaíonn splancanna a ídíonn fuinneamh is a dhéanann dochar dóibh de réir a chéile. Is éifeachtaí ar fad tíreastóir, rud nach n-ídíonn mórán fuinnimh le linn lasctha. Tá tíreastóirí ar fáil le sruth de na céadta aimpéar a lascadh go héifeachtach agus cumhacht níos mó ná 100 kW a rialú. Ní hionann seo is an scéal sa leictreonaic ar feadh 40 bliain, mar a mbíodh sruthanna beaga de mhicrea-aimpéir nó millea-aimpéir, agus leibhéil cumhachta sna vataí is níos lú, á rialú ag dé-óideanna, trasraitheoirí is ciorcaid iomlánaithe chun gnónna ar leith a chur i gcrích i ríomhairí, teilifíseáin, taifeadáin is eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Leictreonaic ardchumhachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 405.