Leictreafóibe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Smaoineamh gur féidir go bhfuil baol ann ó na réimsí leictreamaighnéadacha a bhaineann le conduchtóirí leictreacha. Nuair a bhíonn sruth ailtéarnach (SA) ag rith i sreanga, tarchuirtear tonnta leictreamaighnéadacha de mhinicíocht an tsrutha ailtéarnaigh san aer mórthimpeall. Bíonn minicíochtaí ó 50 Hz an tsoláthair choitianta suas go dtí meigiheirts is níos mó (i gcás na micreathonn is na dtonnta raidió eile). De bhrí go mbánn na tonnta seo fíocháin na colainne, a bheag nó a mhór, féadfaidh drochthorthaí tarlú má bhíonn déine an réimse leictreamhaighnéadaigh ró-ard. Leagann na húdaráis síos rialacha chun déine na réimsí seo gar do dhaoine a choimeád íseal.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Leictreafóibe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 403.